Sláinte do ríomhaire agus glaochanna ón Ind!

Aoine, 5 Lúnasa 2011

Diarmuid Ó Muirgheasa
CÚPLA seachtain ó shin, fuaireas glaoch ó bhean Indiach. Dúirt sí go raibh sí “buartha mar gheall ar mo ríomhaire”.
Mar theicneolaí, agus mar dhuine ciallmhar, ba léir dom go raibh camscéim de shórt éigin ar bun.
Mar scríbhneoir, áfach, tá bunús scéil de dhíth i gcónaí, mar sin thug mé cluas éisteachta di. Dúirt sí go raibh sí ag obair le Microsoft, agus go rabhadar i ndiaidh tabhairt faoi ndeara go raibh mo ríomhaire ag feidhmiú go mall. Nuair a d’iarr mé sonraí an ríomhaire úd, rinne sí damhsa iontach deas mórthimpeall ar an gceist agus dhírigh ar ais ar an script a bhí dírithe, cúig nó deich nóiméad síos an bóthar, ar shonraí cárta creidmheasa a lorg. Níl a leithéid de rud ar siúl ag Microsoft, agus ní raibh riamh. Is féidir bheith réasúnta cinnte cibé acu atá do ríomhaire ag feidhmiú tapa nó mall, is cuma le Microsoft faoi in aon chor.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh