(Heading)

Aoine, 19 Lúnasa 2011

Diarmuid Ó Muirgheasa
Dlíodóirí is mó atá á bhfostú ag comhlachtaí teicneolaíochta móra na laethanta seo, is cosúil. Le seachtain nó dhó anuas tá Apple tar éis dhá mhórbhua a bhaint amach i gcoinne Samsung, agus bac anois ar Samsung an Galaxy Tab nua a dhíol san Eoraip nó san Astráil.
Cé gur éasca bheith dian ar Apple mar gheall air seo, caithfear rá go gcaithfidh go bhfuil cás éigin acu mar tá dhá bhreitheamh éagsúla i ndiaidh teacht ar an gcinneadh céanna. D’fhoilsigh Google aiste ar a mblag oifigiúil le déanaí mar gheall ar an saghas seo cás cúirte, ag rá go bhfuil faitíos ar Apple dul in iomaíocht dhíreach leo agus gur sin an chúis go bhfuil siad ag casadh i dtreo an dlí lena margadh a chosaint.
Ar an lámh eile deir Apple go bhfuil sé de cheart acu a bpaitinní a chosaint, agus nach bhfuil sé de cheart ag duine ar bith cóipeáil a dhéanamh ar an iPad agus iPhone. Samsung is mó atá thíos leis seo ar fad, mar tá siad anois fágtha le carn ollmhór de tháibléid nach bhfuil siad ábalta a chur ar fáil, agus iad freisin fágtha gan rud ar bith sa mhargadh chun brú a chur ar Apple agus an iPad. Tá ceart achomhairc ag Samsung, ach ní tharlóidh sé sin ar feadh míosa. Idir an dá linn tá cosc ar dhíol an táibléid. Tá nuacht dhuairc eile sa domhan teicneolaíochta chomh maith, mar tá rialtas na Breataine i ndiaidh a fhógairt go bhfuil siad ag smaoineamh ar chosc a chur ar úsáid suíomhanna ar nós Facebook agus Twitter le linn trioblóide ar nós na trioblóide a chonaiceamar le cúpla seachtain anuas.
Ar lámh amháin tá ciall leis seo. Ceaptar go forleathan go raibh ról lárnach ag Twitter agus a leithéid in eagrú mórán de na círéibeacha, agus tá réasún ag baint le rudaí a dhéanamh chomh deacair agus is féidir dóibh siúd ar mian leo trioblóid a chothú.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh