Titim an fhathaigh
Aoine, 2 Meán Fómhair 2011

Diarmuid Ó Muirgheasa (Le blianta, blianta fada anois is fathach é an tUasal Steve Jobs sa domhan teicneolaíochta. Ainm é a luaitear taobh le leithéidí Bill Gates agus... bhuel, an bhfuil aon duine eile ar comhleibhéal leis an mbeirt sin? Is deacair an tionchar a bhí aige le 30 bliain anuas a chur i bhfocail. Gan Jobs, tá gach seans ann nach mbeadh Apple ar an bhfód inniu fiú, gan trácht ar bheith chomh mór agus atá siad anois. Ní hamháin go raibh sé mar dhuine de lucht bunaithe an chomhlachta, ach shábháil sé ó bhanc-bhriseadh iad nuair a d’fhill sé orthu le haghaidh an dara tréimhse. Níos mó ná sin fiú, is féidir bheith réasúnta cinnte nach mbeadh leithéidí an iPhone ná an iPad againn gan é. Gan an dá tháirge sin, an mbeimis i ndiaidh tairbhe a bhaint as an réabhlóid dHochreidte teicneolaíochta so-ghluaiste atá feicthe le blianta beaga anuas? Ar an gcaolseans nach bhfuil cloiste agat faoi, an chúis a bhfuil sé seo ar fad faoi chaibidil ná gur fhág Jobs a phost mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Apple an tseachtain seo caite mar gheall ar fhadhbanna sláinte. Fágann sé ina dhiaidh comhlacht a bhfuil níos mó airgid ar láimh aige ná mar atá ag rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá na fadhbanna sláinte úd i mbéal an phobail le tamall fada anois. In 2004 d’fhógair Jobs d’fhostaithe an chomhlachta go raibh ailse an phaincréis air, agus cé gur éirigh leis teacht slán uaidh sin lean ceisteanna maidir lena shláinte ag teacht. In 2006 agus arís in 2008 bhí cuma chaol, thinn air agus é ag labhairt ag comhdháil Apple, agus go luath i ndiaidh an dara heachtra sin d’fhoilsigh Bloomberg cuntas iarbháis ar a shaol trí thimpiste. Cé gur éirigh leis alt Bloomberg a chur taobh thiar de go tapa (bhain sé úsáid as an líne cháiliúil sin ó Mark Twain, “The rumours of my death have been greatly exaggerated”), níor éirigh leis an rud céanna a dhéanamh lena chuid fadhbanna sláinte. Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh
|