Súil ar an Rugbaí
Aoine, 2 Meán Fómhair 2011

Gráinne McElwain
Rabo Direct Pro 12 – Babhta 1 Dé hAoine Ospreys v Cúige Laighean Liberty Stadium @ 7.05in Cuirfear tús leis an tSraith Cheilteach anocht faoi urraitheoirí nua i mbliana agus beidh seaimpíní na hEorpa Cúige Laighean ag taisteal go Swansea. Beidh Isa Nacewa, Eoin O’Malley agus Richardt Strauss ar fáil do Chúige Laighean ach ní bheidh Eamonn Sheridan ag imirt mar gheall ar ghortú glúine agus seans maith nach mbeidh sé in ann imirt go dtí an bhliain úr. Gortuithe atá ag cur as do Steven Sykes agus Andrew Conway chomh maith. Mar gheall ar Chorn Rugbaí an Domhain, tá 14 imreoir ó Chúige Laighean ar phainéal na hÉireann agus ciallaíonn sin go bhfuil deis ag iar-imreoirí ón Acadamh ar nós Jamie Hagan, Rhys Ruddock agus Dominic Ryan cluichí a fháil. Seans go bhfeicfimid Luke Fitgearld, nár éirigh leis áit a fháil ar phainéal na hÉireann, Fionn Carr a bhí le Cúige Chonnacht anuraidh agus David Kearney ar an pháirc anocht. Chuaigh na hOspreys chomh fada le cluiche leathcheannais na Sraithe anuraidh agus, cosúil le Cúige Laighean, beidh na himreoirí móra in easnamh. Seachtar ar fad atá imithe, ina measc Shane Williams, Adam Jones agus Alun Wyn Jones ach beidh Justin Tipuric ar fáil mar nár éirigh leis suíochán a fháil ar an eitleán go dtí an Nua- Shéalainn. Chaill na hOspreys an dá chluiche dheireanacha acu sa bhaile anuraidh agus níl ach dhá chluiche as naoi gcinn buaite ag fir na Breataine Bige ar Chúige Laighean. Thaispeáin Laighin neart an phainéil anuraidh gan na himreoirí móra agus tá deis iontach acu na pointí a chrochadh leo anocht. Bua: Cúige Laighean. Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh
|