Go n-éirí libh a fheara na hÉireann
Aoine, 9 Meán Fómhair 2011

Gráinne McElwain Ar feadh sé seachtaine ó inniu, beidh aird an domhain dírithe ar an chomórtas rugbaí is mó dá bhfuil ann, Corn an Domhain, atá á reachtáil sa Nua-Shéalainn agus fiche tír atá páirteach ann. Leis an méid dul chun cinn atá déanta sa spórt ó thaobh na gairimiúlachta de le blianta anuas, is deacair a chreidbheáil gurbh é 1987 an chéad bhliain gur bunaíodh an comórtas seo. Reáchtáladh an comórtas sa Nua-Shéalainn an bhliain sin agus bhuaigh an fhoireann bhaile, na All Blacks, an corn Webb Ellis. Níl sé buaite acu ó shin agus is dócha go bhfuil go leor brú orthu an beart a dhéanamh an uair seo. Tosnóidh an oscailt oifigiúil ag 8.30 ar maidin (am na hÉireann) in Auckland leis an chéad chluiche idir an Nua-Shéalainn agus Tonga ag tosnú díreach ina dhiaidh sin. Tá míle duine ag glacadh páirte san oscailt oifgiúil a mbeidh caoga milliún duine timpeall na cruinne ag féachaint air. Úsáidfear 9.5km síoda do na feistis agus beidh 400 duine ag ceol an amhráin ‘World in Union’. Mairfidh an taispeántas leathuair an chloig. Ina dhiaidh sin, beidh an Nua-Shéalainn ag iarraidh tús maith a chur lena bhfeachtas chun Corn Rugbaí an Domhain a bhuachan den dara huair. Tá cúpla gortú ag cur as dóibh, ina measc Kieran Read agus Adam Thomson. Chuir lucht tacaíocht Thonga a bhfuil conaí orthu sa Nua-Shéalainn fáilte speisialta roimh imreoirí Thonga nuair a d’fhreastail seacht míle duine ar an aerfort in Auckland chun iad a fheiceáil. Ach beidh iontas ar gach duine muna mbíonn an bua ag an Nua-Shéalainn orthu inniu. Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.
|