DeusEx: Human Revolutions’

Aoine, 16 Meán Fómhair 2011

Léirmheas le Diarmuid Ó Muirgheasa
Fógraíodh le déanaí go bhfuil an tUasal Ridley Scott le dul ag obair ar scannán nua sa tsraith Blade Runner.
Ba nuacht ollmhór é seo do dhuine ar bith a bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí scannánaíochta, agus ní haon ionadh é sin.
Bíonn buairt ann i gcónaí nuair a chloistear caint ar shraith ar bith dá leithéid a athbhunú, go háirithe agus 30 bliain nach mór imithe ó shin.
An faitíos atá ann, dar ndóigh, ná go mbainfeadh scannán nua ón gcéad cheann, mar a tharla i gcás The Matrix, Star Wars agus mórán sraitheanna eile.
Tá an rud díreach céanna fíor i gcás an chluiche DeusEx. Foilsíodh an chéad eagrán sa tsraith in 2000, agus bhuaigh sé beagnach gach aon duais a bhí os a chomhair.
Ba réabhlóid a bhí ann, ó thaobh na slí ar insíodh an scéal (nó fiú go raibh scéal ann arbh fhiú é a insint) agus ó thaobh na gcinntí a bhí ann don imreoir.
Cúpla bliain níos déanaí, foilsíodh an dara cluiche sa tsraith. Rinne DeusEx: Invisible War iarracht úinéirí consóil a mhealladh, agus baineadh mórán a bhí casta sa chéad chluiche uaidh. An fhadhb a bhí ann, ag léirmheastóirí agus ag lucht leanúna an chluiche, ná gurbh é castacht agus clisteacht DeusEx a bhí iontach.
B’shin an chúis ar éirigh chomh maith leis! Cé gur dhíol Invisible War cúpla céad míle cóip níos mó ná mar a díol an chéad chluiche, bhí tuairim na coitiantachta réasúnta soiléir: ba theip ghlan a bhí ann cluiche eile DeusEx a dhearadh.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh