An gcaitheann tú cuid mhór ama os comhair ríomhaire?
Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2011

Diarmuid Ó Muirgheasa Más oibrí oifige tú is dócha go gcaitheann tú ar a laghad cúpla uair an chloig in aghaidh an lae cois ríomhaire. I gcás daoine áirithe, d’fhéadfadh sé go héasca go gcaitheann siad sé nó seacht n-uaire an chloig ag plé le cúrsaí ríomhphoist, ag déanamh taighde ar líne agus pé rud eile a dhéanann daoine ar ríomhairí na laethanta seo. D’fhéadfá fiú níos mó ná sin a chaitheamh - mar a chaithimse féin rómhinic - agus spriocdhátaí ag druidim leat! Fiú munar oibrí oifige traidisiúnta tú is dócha go gcaitheann tú roinnt mhaith ama leis na rudaí seo, go háirithe nuair a shuimíonn tú suas chuile nóiméad thar sheachtain nó mhí nó bhliain iomlán. Ach cé mhéid ama atá caite agat ag foghlaim conas is fearr, go díreach, na rudaí úda uilig a dhéanamh? Agus cé mhéid ama a chuireann tú amú ag déanamh rudaí ar shlí atá i bhfad níos fadálaí ná mar is gá? Nach gcabhródh nod nó dhó, fiú leis an té eolach? Éasca: Dar le halt a foilsíodh in The Atlantic le déanaí, ní úsáideann ach 10% nó mar sin de dhaoine an teaglaim Ctrl-F chun téarma atá á lorg acu a aimsiú i suíomh nó i ndoiciméad. Acu siúd a bhaineann úsáid as, is deacair é sin a chreidiúint. Cad a dhéanann tú má tá doiciméad fada agat agus téarma á lorg agat ann?! An rud uilig a léamh?! Ach sin go díreach a dhéanann daoine, agus dar leis na staitisticí tá gach seans ann gur duine de na daoine sin tusa chomh maith. Brúigh “Ctrl” agus “F” le chéile, buail isteach an focal nó frása atá uait, agus déan machnamh ar na huaireanta fada a shábhálfaidh an cleas sin ort thar bhlianta uile do shaoil. Ar an gcaoi chéanna is beag duine a bhfuil a fhios acu faoi Ctrl-Shift-T. I gcás brabhsálaithe nua (agus ní gá dóibh bheith chomh nua sin fiú – aon rud a bhí nua le cúpla bliain anuas, déanfaidh sé cúis) osclóidh an teaglaim úd an táb deireanach a dhún tú. Má úsáideann tú an brabhsálaí go rialta (agus cé nach n-úsáideann?) d’fhéadfá é sin a úsáid go héasca cúpla uair in aghaidh an lae, agus nóiméad nó dhó a shábháil chuile uair. Agus smaoinigh – cúig nóiméad chuile lá oibre, sin beagnach 24 uair an chloig thar bhliain iomlán! Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh
|