Ar chuala tú riamh trácht ar Dennis Ritchie?

Aoine, 28 Deireadh Fómhair 2011

 Diarmuid Ó Muirgheasa

Ag tús na míosa, chaill an domhan teicneolaíochta fathach, fear a raibh níos mó tionchair aige ar an domhan mar atá anois a mhúnlú ná duine ar bith eile a mhair riamh, nach mór.

Ní hamháin go ndearna an fear seo féin rudaí iontacha, thug sé an deis do dhaoine eile rudaí dochreidte a chruthú chomh maith, agus is beag ríomhaire ar domhan anois, má tá ceann ar bith ann, nach bhfuil rian dá obair le feiscint air.

Nuair a bhaineann lucht teicneolaíochta úsáid as an bhfrása úd a dúirt Newton maidir le seasamh ar ghuaillí fathaigh, is d’fhathaigh ar nós an fhir seo a bhítear ag tagairt.

Seans go bhfuil tú ag smaoineamh anois go bhfuil áibhéil á déanamh agam, agus nach raibh in Steve Jobs ach bainisteoir, fear margaíochta i ndáiríre.

Nó b’fhéidir gur duine tú a aontaíonn go hiomlán go ndearna Steve Jobs níos mó ar son na ríomhaireachta ná duine ar bith riamh.

Nó b’fhéidir gur duine tú, duine de mhionlach fíorbheag, a bhfuil a fhios acu nach faoi Steve Jobs a bhfuil mé ag labhairt, ach Dennis Ritchie.

“Cé?” a deir tú. “Níor chuala mise trácht ar Dennis Ritchie riamh.” Agus ní haon ionadh más sin a cheapann tú, mar ní ainm é atá, nó a bhí riamh, i mbéal an phobail. Fear príobháideach, ciúin a bhí in Dennis Ritchie – eolaí ríomhaireachta a bhí rud beag níos cóngraí don steiréitíopa ná mar a bhí Steve Jobs. Bhí Jobs rathúil mar fhear gnó seachas mar eolaí. Ar an láimh eile, áfach, bhí suim ag an Uasal Ritchie san eolaíocht agus sa teicneolaíocht ar son na heolaíochta agus ar son na teicneolaíochta.

D’oibrigh sé in Bell Laboratories sna 1960idí agus 1970idí, áit a ndearnadh an oiread sin chun domhan an lae inniu a mhúnlú. Tá 7 nduais Nobel buaite ag eolaithe Bell Labs thar na blianta, agus sin gan trácht ar an obair uilig a rinneadar nár ghnóthaigh duais dá leithéid. Is in Bell Labs a dearadh an chéad trasraitheoir mar shampla, an teicneolaíocht ar a bhfuil ríomhairí uile an domhain anois bunaithe.

In pé cúinne den tsaotharlann inar oibrigh an tUasal Ritchie agus a chomhghleacaithe, rinneadh dhá phíosa oibre ar deacair áibhéil a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu. An dá rud úd ná an córas oibriúcháin UNIX agus an teanga ríomhchláraithe “C”.

Níor chuala tú faoi cheachtar acu? Ní dócha gur tú an t-aon duine nár chuala. Munar “teicneolaí” tú, is beag cúis go mbeadh cloiste agat fúthu, ach eatarthu, mhúnlaigh siad nach mór chuile bhogearra atá againn anois.

Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léam