Athchur na gCrann

Céadaoin, 2 Samhain 2011

“BHAINmé féin go leor crann. An tuafás acu. Inniu, nílim ar mo shuaimhneas faoi sin. Ach thiar san am, sna seascaidí agus sna seachtóidí, ní chloisfeá caint ar chaomhnú timpeallachta. Ba é an rud ba nádúrtha sa saol é crainn a leagan agus eallach a chur ina n-áit,” a deir Osvaldo Olímpio de Oliveira (69), agus togra athfhoraoisithe na heagraíochta carthanachta AMEI á thaispeáint aige dom.

Tá an togra, a bhfuil Osvaldo mar bhainisteoir air, lonnaithe ar sheanfheirm ocht n-acra gar don bhaile beag tuaithe Coração de Maria i réigiún an Recôncavo – ‘Machaire na Mumhan’ oirthuaisceart na Brasaíle. Talamh mhéith feirmeoireachta atá anseo: fástar cuid mhór cána siúcra agus tobac ann, agus bíonn beithígh ag innilt idir na cnoic. Ach dufair a bhí sa réigiún ar fad nuair a tháinig na Portaingéiligh i dtír, níos mó ná cúig chéad bliain ó shin.

As an dúiche seo a fáisceadh Osvaldo – fear lách gealgháireach a meabhródh an fháilte chroíúil a chuireann sé roimh chuairteoirí feirmeoir Éireannach do dhuine. “Tá dearcadh difriúil agam ar chúrsaí anois. Ní féidir teacht i dtír ar athchur crann – go fóill – ach murach na crainn atá againn ní bheadh uisce ar bith againn do na feirmeacha.”

Síneann sé a lámh i dtreo gleanna bhig, míle nó mar sin ón togra athfhoraoisithe. “Loch a bhí ansin tráth. Nuair ba ghasúr mé ba ghnách linn snámh ann.”

Níl an obair athfhoraoisithe ar thalamh AMEI – eagraíocht charthanachta a bhfuil tograí timpeallachta agus
oideachais ar bun acu i stáit éagsúla de chuid na Brasaíle – ach ina tús. Níl airde duine bainte amach fós ag ceann ar bith de na crainn a cuireadh go dtí seo.

“Tá sé fíoréasca crann a leagan,” a deir Osvaldo, “ach tógann sé an tuafás cúraim ceann a fhás. Caithfidh tú an féar timpeall ar na crainn óga a choinneáil íseal nó plúchfar iad. Caithfear uisce a thabhairt dóibh ina gceann is ina gceann. Caithfear barraí eile a fhás eatarthu chun an ruaig a chur ar sheangáin foraoise, ar féidir leo crann iomlán a ithe laistigh d’oíche amháin.”

Níl ach trí acra talún i gceist, agus tá dhá acra le cur fós. Cén mhaith togra athfhoraoisithe beag bídeach mar seo más rud é go bhfuil dufair na hAmasóine, ar an taobh eile den tír, á baint ina céadta ciliméadar cearnach in aghaidh na bliana?

 

Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.