“Má thosnaíonn an t-ógánach le drochnósanna, is deacair iad a athrú”
Bhí mé ag caint faoi leabhair an tseachtain seo caite agus an méid díobh, cinn spóirt san áireamh, a thagann ar an mhargadh don Nollaig. Tá sé deacair uaireanta an bronntanas ceart a cheannach. Is cuimhin liom, leathchéad bliain ó shin, ag fáil liathróid mhór pheile O'Neills agus mé chomh bródúil as mar ní raibh a leithéid i sráidbhaile Achadh Bolg ag an am. Agus Nollaig eile ag fáil camáin, i bhfad rómhór agus i bhfad róthrom dom ach cheapas go rabhas i mo laoch ceart ansan cé nach rabhas ábalta mórán a dhéanamh leis an ‘arm’ seo ag an am . Agus céard faoi bhuataisí peile O’Neills na seascaidí agus iad gan mórán aerodynamics ag baint leo, gan bheith ag caint ar blades ná studs, fada nó gearr. Faraor ag an am ní raibh raidhse d’aon rud ar fáil agus cinnte ní raibh mórán áiseanna spóirt timpeall na tíre. Nach iontach na hathruithe atá tagtha ó thaobh áiseanna agus oiliúnt imreoirí óga CLG le deich mbliana anuas. Tá trealamh nua á úsáid go rialta anois, go háirithe san iomáint . Nach iontach an chabhair é an rópa agus leathdhosaen sliotar greamaithe leis . Is féidir a lán drills a dhéanamh leis agus an rud is fearr faoi ná nach mbogann na liathróidí in aon chor. Is féidir le himreoirí bualadh ar an dtalamh a chleachtadh ina mbeirteanna nó ina n-aonar . Is féidir “hooking” a dhéanamh air agus is féidir blocáil ar an dtalamh a dhéanamh leis an téad iontach seo. Caitheann K.P Egan ó Chontae Uíbh Fhailí mórán ama ag smaoineamh faoi, agus ag cumadh smaointe nua agus fearais nua chun go bhféadfadh imreoirí cleachtadh a dhéanamh ina n-aonar. Eisean a rinne agus a dhíolann an rópa thuasluaite . Ceann eile díobh sin ná an ‘sliotar hitter’. Ta sé cosúil leis an sean ‘swingball’ .Is féidir le suas le triúr é a úsáid le chéile. Tagann an sliotar go tapaidh agus go minic agus an cleas ná an liathróid a bhualadh ar chlé agus ar dheis gach re uair. Tá an laoch iomána Lar Corbett ag moladh áis eile le déanaí agus sin an Hurling Rebounder. Is líontán é a bhíonn crochta ar fhráma miotail. Is féidir é a úsáid in aon áit i d’aonar. Buaileann tú an sliotar ina choinne agus tagann an liathróid ar ais ag an luas céanna . Tá sé an-áisiúil don chéad smachtú atá chomh tábhachtach sin agus tú ag imirt cluiche ag aon leibhéal. Ach i mo thuairimse is é an falla iomána an rud is nua-aimseartha agus is tábhachtaí dá bhfuil á úsáid anois. Ta na fallaí seo ag a lán clubanna anois. Faraor an botún a rinne cuid maith des na clubanna ná an falla a thógáil agus é ró-bheag. Ba cheart go mbeadh an falla seo mór go leor do thríocha imreoir agus iad ag fáil suas le cúig chéad buille an duine den sliotar in uair an chloig amháin. Rud eile atá an-tábhachtach ná go bhfuil traenáil cheart faighte ag an gcóitseálaí mar, má thosnaíonn an t-ógánach le drochnósanna, is deacair iad a athrú. Agus freisin is iad na himreoirí is fearr na himreoirí leis na nósanna cearta. Níl aon amhras faoi sin. Tabhair aird ar leithéidí Ben O’Connor, Henry Shefflin, Joe Canning, John Mullane agus mórán eile nach iad agus chífidh tú scil den scoth i ngach rud a dhéanann siad. Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh |