“Iarscoláirí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo”

Dé Céadaoin 07 Nollaig 2011

 

Ciarán Dunbar

 

Tá an-rath ar an ghaelscolaíocht ach an raibh mórán de thionchar aige sin ar líon na dteaghlach Gaeilge sa tír? Ciarán Dunbar DEIR stiúrthóir eagraíochta a thacaíonn le daoine chun clann a thógáil le Gaeilge, Feargal Ó Cuilinn go bhfuil “Iarscolairí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo.” Ní scéal mór nó iontach é go bhfuil líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag titim i gcónaí, de réir na fianaise a léiríonn na staitisticí ó Scéim Labhairt na Gaeilge cibé ar bith.

 

Glactar go forleathain go bhfuil rath ar an Ghaeilge sa Ghalltacht, áfach, agus is cinnte dearfa go bhfuil na Gaelscoileanna ag fás as cuimse le 30 bliain anuas. Ach an bhfuil tionchar á imirt ag an fhás sin ar líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghalltacht? Tá an tUasal Ó Cuilinn, stiúrthóir Chomhluadar, dóchasach go bhfuil dul chun cinn déanta, áfach.

 

“Is é mo bharúil ná go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh a bpáistí a thógaint le Gaeilge le 10 mbliana anuas, agus go bhfuil ardú beag ins an méid teaghlach atá á dhéanamh,” a deir sé. “10 mbliana ó shin bhí breis is 200 teaghlach cláraithe le Comhluadar agus b’fhéidir 80 díobh an-ghníomhach.” “Faoi láthair tá breis is 650 ar na leabhair againn agus b’fhéidir 200-250 ag baint úsáid ghníomhach, go míosúil, as seirbhísí sóisialta na heagraíochta. Ar a bharr sin bheadh teaghlaigh aonaracha eile agus grúpaí pobal i dteagmháil linn
ag lorg comhairle srl.”

 

 

Is féidir iomlán an ailt seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.