Imreoirí Peile le Gaeilge de dhíth!

 

Dé Céadaoin, 4 Eanáir 2012

 

Katie McGreal

 

Tá Na Gaeil Óga, an cumann de chuid Chumann Lúthchleas Gael a fheidhmíonn trí Ghaeilge amháin i mBaile Átha Cliath ag lorg imreoirí nua don athbhliain – mná agus fir.

Táthar ag siúl go mbeidh foireann peile amháin de mhná agus dhá fhoireann peile d’fhir acu i mbliana. Faoi láthair, tá idir 15 agus 20 bean ag imirt leo, go leor d’fhoireann amháin ach bheadh siad thar a bheith sásta le 10 eile nó níos mó.

Tosóidh an traenáil do na fir amárach, an 5 Eanáir ag 6.30in i bPáirc Choláiste Mhuire atá taobh leis na clubanna rámhaíochta ar an mbóthar idir stáisiún bus Bhóthar Uí Chuinneagáin agus Séipéal Iosóid. Tosóidh an traenáil do na mná ar an 10 Eanáir ag 6.30in san áit chéanna.

Tá fáilte roimh pheileadóirí go háirithe ach táthar ag iarraidh foirne iománaíochta a thosú freisin.

Cuireann siad fáilte roimh “Éinne a d’imir riamh cheana nó a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge nó fiú spórt úr a thosú,” a deir Daithí de Buitléir, Cathaoirleach Na Gaeil Óga.

“Beimid i bhfad níos eagraithe i mbliana,” a deir Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Na Gaeil Óga, “Anuraidh, ní rabhamar eagraithe ach i mbliana, ó thús na bliana beimid.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó leathanach Facebook Na Gaeil Óga nó seol ríomhphost chuig This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .

Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.