Ag cur na ‘ríomhlóide’ os do chomhairDé Céadaoin, 11 Eanáir 2012
Ba siar in 2008 a d’iarr Ciarán Ó Bréartúin ar Sheanán Ó Coistín cabhair a thabhairt dó chun leabhar ar ríomhaireacht i nGaeilge a scríobh mar bhí a fhios aige go mbeadh Seanán eolach ar an ábhar mar bhí sé ag aistriú suíomhanna agus ríomhchlár go Gaeilge. Thosaigh an bheirt acu ag scríobh an leabhair ach, in 2009, tháinig Foras na Gaeilge chucu le hairgead i gcomhair suíomhanna idirlín a chur le chéile. “As sin a tháinig an smaoineamh (www.nascanna.com agus www.scriobh.ie) a chur le chéile,” a deir Seanán. Tugann www.nascanna.com eolas do Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh ríomhchláir – cáipéisí, seinnteoirí, córais ullmhúcháin atá ar fáil do ríomhairí agus uile – a fháil agus a úsáid i nGaeilge ar a ríomhaire. Tá eolas, comhairle agus moltaí mar gheall ar na ríomhchláir ar fad atá ar fáil i nGaeilge ar an suíomh, conas iad a úsáid, cén áit ar féidir teacht orthu agus conas is féidir iad a chur ar do ríomhaire féin. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge amháin toisc go bhfuil an suíomh dírithe ar sheirbhís a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí líofa seachas foghlaimeoirí. Baineann www.scriobh.ie le cabhair a chur ar fáil do dhaoine maidir le cruinneas na Gaeilge agus iad ag clóscríobh. Tá eolas air mar gheall ar an chlóscríobh i nGaeilge féin, cruinneas na Gaeilge agus na háiseanna ríomhchláir atá ar fáil chun é a fheabhsú chomh maith le heolas mar gheall ar chlófhoirne agus neart rudaí eile atá úsáideach agus neart nascanna go foclóirí Gaeilge air freisin. Toisc go bhfuil seans maith ann nach mbeadh Gaeilge róchruinn, nádúrtha ná maith ag na daoine a bhfuil suim acu sna rudaí seo, tá an suíomh seo le fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i nGaeilge shimplí ionas gur féidir le níos mó daoine é a úsáid. Tá áit ar an dá shuíomh do cheisteanna agus moltaí agus cuirtear fáilte rompu i gcónaí a deir Seanán. “Níl a fhios againn cé mhéad duine a úsáideann na suíomhanna,” a deir Seanán, “ach tá muid cinnte go bhfuil daoine ag baint leasa as trí na teachtaireachtaí seo.” Faigheann siad aiseolas ó Ghaeilgeoirí agus úsáideoirí thar lear freisin. “Taitníonn na suíomhanna go mór le daoine, tá siad an-sásta leo,” a deir Seanán mar gheall ar an aiseolas a fhaigheann siad.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh. |