|
Soineantacht Shinn Féin agus Fealltóirí Rialtas na Breataine1 Feabhra 2012
Eagarfhocal Mar a bheadh siad ag iarraidh gach ‘stereotype’ fúthu a dhearbhú, léiríodh fealltóireacht rialtas na Breataine nach raibh siad ionraic agus iad i mbun cainteanna ar thodhchaí an Tuaiscirt – cé go raibh ‘Acht na Gaeilge’ “geallta” mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn, ní raibh riamh i gceist acu ach cur i gcéill.
Is léir sin ó fhocail Peter Hain é féin, a bhí ina ‘Aire Stáit’ do Thuaisceart Éireann ag an am.
Ní raibh ann ach cleas chun an ‘Comhaontú’ seo a dhíol le Sinn Féin agus chun cabhrú le Sinn Féin chun an ‘Comhaontú’ seo a dhíol le lucht tacaíochta s’acu.
Ina dhiaidh sin, bhain rialtas na Breataine úsáid as mar bhagairt. In áit iarracht a dhéanamh chun an teanga a dhí-pholaitiú, agus chun cearta teanga a chothú, bhain rialtas na Breataine úsáid as an Acht ‘geallta’ chun scanradh a chur ar Aontachtóirí.
D’imir an cleas seo tionchar nach beag orthu agus ba é sin ceann de na fáthanna gur ghéill siad sa deireadh agus gur ghlac siad le Sinn Féin mar chuid den rialtas.
Chuir an cleas seo go mór le seicteachas áfach agus chuir sé go mór leis an ghráin atá ag cuid mhór don phobal Aontachtach ar an teanga.
Ba dhona go leor an gníomh sin ann féin, is measa arís é nuair is léir gurb é sin an t-aon rud a bhí i gceist agus nach raibh sé riamh dáiríre faoi.
Ní raibh sé i gceist riamh gníomhú de réir a mbriathair.
Tá ceisteanna le freagairt ag rialtas na Breataine faoin ábhar seo cé gur beag ár ndóchas nach cuma sa tsioc leo.
Tá Gerry Adams le moladh as reachtaíocht Ghaeilge a bhrú ach tá cuma shoineanta ar fhoireann chainteanna Shinn Féin anois agus tá ceisteanna le freagairt acu.
Cén fáth ar chreid siad Hain agus Blair sa chéad dul síos?
Murar chreid, cén fáth ar fhógair siad ‘Acht na Gaeilge’ mar bhua?
Cén fáth nach bhfuil níos mó brú á chur ar Rialtas na Breataine ar an cheist seo le tamall anuas?
Anois agus is léir nach raibh rialtas na Breataine riamh ionraic ar an cheist seo, cad atá Sinn Féin dul a dhéanamh faoi?
Tá cinntí le déanamh ag lucht na Gaeilge anois chomh maith – ar cheart leanúint leis an phróiseas polaitíochta thuas ar Chnoc Stormont nó ar cheart a bheith ag agóidíocht go síochánta ar na sráideanna an athuair.
Tá pobal na Gaeilge, an Ghaeilge agus na Gaeil ligthe síos ag an phróiseas síochána seo – caithfear sin a réiteach.
Ní féidir ‘síocháin’ a thabhairt ar easpa foréigin amháin, tá cothrom na Féinne idir ‘The Planter and the Gael’ de dhíth.
Sin lá nár tháinig go fóill.
Acht Gaeilge Anois! |