Todhchaí breá i ndán do réaltaí ógaDé Céadaoin, 29 Feabhra 2012
Bhí líon mór de bhunús réaltaí iománaíochta sna míonna seo romhainn le feiceáil ag tús Shraith Náisiúnta Iomána Allianz. Thug taispeántais ó dhéagóirí Chorcaigh agus na Gallimhe le fios go mbeidh iomaíocht níos géire le fáil ag Cill Cheannaigh sna blianta atá ag teacht.
Ach fós féin b’iad na Cait a leag síos an dúshlán lena bua in aghaidh Tiobraid Árann, 2-17 in aghaidh 0-15. In ainneoin go raibh Henry Shefflin agus Richie Hogan in easnamh ar Chill Cheannaigh ba é Richie Power sárimreoir an cluiche agus 1-11 faighte aige, agus is beag a bhí foireann Declan Ryan in ann a dhéanamh faoi. Díol spéise gur tugadh a gcéad chluiche do Donagh Maher agus Adrian Ryan i ngeansaí Tiobraid Árann don choimhlint seo. Tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar Ghallimh sa chéad babhta eile, cluiche a d'fhéadfadh deireadh scioptha a cur le sraith iomána na bliana seo do Declan Ryan agus gan imithe ach dhá cluiche.
Cé gur ‘cath bainisteoirí nua’ a bhí i gceist le ceithre cluiche ina raibh an bheirt bhainisteoirí ag glacadh ceannasaíocht foirne den chéad uair sa tsraith, b’iad na himreoirí óga a bhí chun tosaigh sna ceannlínte.
Corcaigh
I bPáirc Uí Rinn d'fhill Jimmy Barry Murphy ar an bhainistíocht ina chéad chluiche iomaíoch ó chaill sé cluiche leathcheannais na Mumhan i gcoinne Uíbh Fhailí i 2000. Dá chéile comhraic, Michael Ryan, ní fhéadadh sé samhlú gur a mhalairt de thoradh a bheadh ann. Le Noel Connors, Aidan Kearney agus Shane O'Sullivan in easnamh ón líne cosantaagus Maurice Shanahan ó na tosaithe, bhí dúshlán roimh na Déisigh sular thosaigh an cluiche in aon chor.
Ach cé gurb é seo an chéad phost bainistíochta idirchontae ag Ryan, bhí cuma mhaith ar a fhoireann. Bhíodar trí phointe chun tosaigh sular aimsigh Corcaigh cúilín. B'shin buaicphointe an lae, áfach, nuair a nochtaigh Corcaigh fadhbanna cosanta na nDéisigh. Beidh Barry Murphy sásta le cé chomh spleodrach is a bhí tosaithe Corcaigh agus an déagóir, Conor Lehane, ach go háirithe. D'aimsigh an mac léinn céad bhliana i UCC seacht gcúilín, cúilín iontach agus é ar a ghlúine ina measc. Bhí sé lárnach i bhfoireann UCC atá tar éis leathchraobh na hÉireann do mhic léinn céad bliana a bhaint amach, agus ba é a fuair an cúilín a chothromaigh an cluiche chun é a thabhairt go ham breise. Le tús curtha lena ré mar imreoir idirchontae, is cinnte go bhfuil todhchaí iontach amach roimhe.
Gaillimh
Bhí foireann iomána Bhaile Áth Cliath in ainm sa bheith ag dul in iomaíocht le Cill Cheannaigh i mbliana. Má tá súil acu ar Chorn Liam MacCarthaí, beidh orthu feabhsú ar thaispeántas na seachtaine seo. Bhí easpa fuinnimh le braith i bhfoireann Anthony Daly agus leis na gortuithe a bhí ar Liam Rushe agus Peter Kelly, léiríodh go bhfuil doimhneacht in easnamh ar fhoireann Bhaile Áth Cliath. I gcéad cluiche sraithe Anthony Cunningham mhúch a chuid imreoirí solas na beatha in Áth Cliath agus cé nach raibh siadsan ach pointe amháin chun deireadh ag an mbriseadh, chuir imreoirí óga Chunningham deireadh tapa leis an cluiche mar chomórtas sa dara leath. Ógánach eile, Niall Burke, a bhí ag stiúradh na Gaillimhe agus 10 pointe faighte aige ar deireadh an chluiche.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.
|