Críochnaíonn Corn Mhic Giobúin le 20 nóiméid d’imirt den scoth!Dé Céadaoin, 7 Márta 2012
Bhí an-deireadh seachtaine cois Laoi an tseachtain seo chaite, áit ar cuireadh deireadh le comórtas Mhic Ghiobúin na bliana. Bhí an t-ádh leo go raibh an Aoine tirim dos na leathchraobhcha agus cé go raibh báisteach ann thar oíche ar an Aoine agus anois agus arís i rith na cluichí ar an Satharn , níor chuir sé isteach rómhór ar an bpáirc.
Bhí CIT i bhfad níos fearr ná LIT sa chéad leathchraobh agus ag leatham sa chluiche eile bhí an chuma ar an scéal go mbuafadh UCC go héasca é ach ní mar sin a tharla.
Go luath sa dara leath sin bhí buachaillí Chorcaí naoi gcúilín chun cinn. Ag druidim le deireadh ní raibh ach farasbarr cúilín amháin acu ach scóráladar dhá chúilín eile chun an bua a chinntiú.
Mar sin, bhí an chraobh a bhí ag teastáil ós na heagraitheoirí againn, darbaí áitiúil sa Mhuirdíog do chomóradh céad bliain an chomórtais a thosnaigh cois Laoi sna laethanta sin i bhfad ó shin.
Bhí teannas sa cluiche ó thosach, bhí an páirc sleamhain agus an liathróid fliuch agus dá bharr ní raibh caighdeán na hiománaíochta ró-ard go dtí déanach go leor sa dara leath, tráth a raibh farasbarr ceithre chúilín ag CIT agus é sin tuillte acu. Ach ansin thosnaigh an drama i gceart nuair a scóráil UCC cúilín agus ansin fuair siad cúl chun an cluiche a chothromú. Bhí deich nóiméid iontach aicsin as sin go dtí an deireadh againn agus leis an am beagnach caite bhí UCC cúl chun cinn ach ag an mbás chuir CIT an sliotar isteach san eangach chun am breise a chinntiú.
Bhí imirt den scoth againn sna fiche nóiméad bhreise sin a chríochnaigh le cúilín na mbua do UCC díreach roimh shéideadh dheireaneach na feadóige ón réiteoir Brian Gavin.
Tá an tSraith Allianz Peile ag leanúint ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le babhta iomlán cluichí. Ag an bpointe seo níl aon chontae i roinn a haon gan pointe agus tríd is tríd is deacair aon tuar a dhéanamh ar cé a bheidh ar bharr an table i gceann cúpla seachtain nó cé bheidh i mbaol a ndícháilithe. Is maith san, mar go bhfuil fiúntas i ngach cluiche agus é ag dul isteach go dtí an dara cuid den chomórtas. I roinn a dó tá Tír Eoghan ag brú ar aghaidh le lán phointí agus is dóigh liom go gcuirfidh siad leis sin nuair a thagann an Iarmhí, atá ar bhun an tábla, ar chuairt chucu an Satharn beag seo. I ndiaidh briseadh seachtaine tosnaíonn an tsraith iomána arís. I roinn 1A téann Corcaigh go dtí an phríomhchathair agus iad ar ardmhuinín i ndiaidh an taispéantais shásúil a thugadar i gcoinne na nDéise coicís ó shin. Chaill Baile Átha Cliath a gcéad cluiche agus mar sin tá sé ríthábhachtach dóibh an ceann seo a bhuachan. Tá an tosaí óg, Liam Rushe, curtha leis an liosta fada d’imreoirí Bhaile Átha Cliath atá gortaithe agus gan dabht is cailliúint mór é, mar sin, ceapaim go mbaileoidh Corcaigh na pointí anseo.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh. |