Béarla, Béarla, Béarla!Dé Céadaoin, 11 Aibreán 2012
Nuair a chuala mé trácht ar Bernard Dunne's Brod Club den chéad uair, níor thuig mé é. Ní raibh a fhios agam conas a dhéanfadh siad clár as Bernard Dunne ag iarraidh 100,000 duine a mhealladh leis an 'cúpla focal' Gaeilge atá acu a chleachtadh agus a úsáid.
Ach is clár faoin bhfeachtas é seo. Insíonn sé dúinn conas atá Bernard ag spreagadh daoine agus cé hiad na daoine, seachas Bernard féin a bheith taobh thiar den fheachtas. Casaimid leis an bhfoireann uilig atá ag Bernard agus iad ag cruinnithe.
Leanann an ceamara Bernard agus é ag freastal ar imeachtaí agus ar ócáidí atá eagraithe ag an bhfeachtas ach le linn an chláir ar fad is Béarla a labhraíonn Bernard. Uaireanta, deir sé cúpla focal ag tús na habairte i nGaeilge agus díreach ina dhiaidh sin, aistríonn sé go Béarla é, mar sin, ní gá le héinne fiú éisteacht leis an nGaeilge toisc go bhfuil an Béarla ag teacht.
Deir sé an t-am ar fad go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh gach duine eile ag labhairt Ghaeilge, ach níl sé á dhéanamh. Deir sé le linn sa dara clár “níl mé líofa ach tá mé ag éirí níos fearr” ach ní féidir leis na lucht féachana é sin a fheiceáil. Béarla, Béarla, Béarla a chloisimid uaidh go leanúnach.
Nuair a thug sé cuairt ar an gcéad oíche ar an 'supper club', b'shin an t-aon am ar chualamar na mná ag labhairt Bhéarla le chéile agus i mBaile Mhistéala i gCorcaigh nuair a labhair sé leis an slua, labhair sé i mBéarla amháin.
Ardaíonn bainisteoir an fheachtais, Natasha Fennell é seo sa dara clár. Tá sí ag iarraidh ar Bhernard cabhair a thabhairt do na daoine ionas gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt, in ionad Gaeilge a labhairt é féin an t-am ar fad.
Ní thugann sé mórán cabhrach di. Dúirt sé an rud céanna léi agus atá ráite aige féin na mílte uair le linn an chláir; “úsáid na cúpla focal atá agat. Don't be afraid to say 'cén caoi a bhfuil tú' or 'Dia dhuit'”.
Ní fhreagraíonn sé an cheist agus nuair a deir Natasha leis go bhfuil sé á rá é seo i mBéarla agus go bhfuil sé ina suigh ansin ag labhairt Bhéarla, seachnaíonn sé an rud is tábhachtaí - gur Béarla atá sé a labhairt!
Deir sé go bhfuil sé an-bhródúil as an teanga agus go bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach níl sé sin le feiceáil.
Tá sé soiléir ón méid daoine atá cláraithe, os cionn 23,000 duine, agus an méid cainte atá ar siúl ar Facebook agus Twitter go bhfuil an-dúil ag daoine sa bhfeachtas.
Tá sé ag obair agus sílim gur feachtas agus smaoineamh iontach atá ann ach, caithfidh Bernard a Ghaeilge féin a léiriú dúinn freisin! Stop ag rá go gcaithfimid ár gcúpla focal a úsáid agus déan é tú féin, a Bhernard!
Déantar neart rudaí iontacha le linn an chláir agus an feachtais. Bhí an fógra le Mr Ireland, go han-mhaith, sin go gcaillfeadh sé ball dá chuid éadaigh nuair a chláródh x méid daoine, agus bhí an oíche shingil an-mhaith freisin.
Léirigh sé gur féidir leat an Ghaeilge a úsáid in aon suíomh agus ag aon am. Bhí an tobshlua (flash mob) a rinneadar i mBaile Átha Cliath leis an Dublin Gospel Choir iontach maith!
Deis eile a bhí ann a léiriú do dhaoine gur féidir an Ghaeilge a úsáid i ngach uile shuíomh. Léiríonn na ceoltóirí móra a bhíonn ag casadh ceoil le linn an chláir é seo freisin.
Tá sé suimiúil tuairimí daoine áirithe a fháil chomh maith.
“'People worry too much I feel, about the image of the Irish language, immerse people in it so it's a part of their everyday life. The French don't necessarily think French is cool or funky, it doesn't have to be cool, it's the language. It's part of the country. It's part of the identity. There is no reason to not speak Irish,” a deir lucht an bhanna ceoil, Republic of Loose.
Bhí sé go deas eachtraí Bhernard Courtney sa Ghaeltacht a chloisteáil, “I woke up in the middle of the night and thought ‘I’m blind! I’m blind’”. I’d never slept somewhere without street lights before.”
Tá sé iontach tuairimí daoine nach maith leo an Ghaeilge a chloisteáil freisin. Dúirt Kevin Myers gur fuath leis an nGaeilge agus sin sin. Feachtas agus smaoineamh iontach atá s an mBród Club ach caithfidh Bernard a léiriú go bhfuil sé féin ag úsáid a chuig Gaeilge freisin! |