‘Ní thiocfaidh borradh faoin eacnamaíocht arís go dtosóimid ag ceannach agus ag díol earraí’


Dé Céadaoin, 18 Aibreán 2012

Katie McGreal

 

Ní dhéanann an fear gnó atá taobh thiar den tsraith caifé Éireannach, Insomnia, Bobby Kerr áiféala.

 

Deir sé nach mbíonn sé ag smaoineamh faoi rudaí nach ndearna sé agus nach mbíonn sé buartha faoi rudaí nár éirigh go rómhaith leo.

 

I mbealach éigin, ní raibh ionadh orm é sin a chloisteáil. Is fear ráthúil é Bobby agus ní dóigh liom go mbeadh sé in ann a bheith chomh ráthúil sin dá mbeadh sé ag smaoineamh ar an ábhar díomá a d’fhéadfadh a bheith aige.

 

D’fhás Bobby suas i gCill Chainnigh ag obair in óstán a athar, Óstán Newpark, agus tá an chuma air gurb shin an áit ar fhás a shuim sa ghnó, go háirithe san earnáil lónadóireachta (catering).

 

Rinne sé staidéar ar ghnó agus lónadóireacht san Institiúid Teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí agus le linn an ama sin, thosaigh sé comhlacht lónadóireachta in éineacht le cara leis agus d’fhreastail siad ar roinnt cóisirí.

 

Fuair sé a chéad phost sa roinn lónadóireachta in AIB mar chócaire agus mar bhainisteoir faoi oiliúint in 1981 agus ina dhiaidh sin, bhí sé ina chócaire ar feadh dá bhliain ar na rigí ola sa Mhuir Thuaidh. D’oibrigh sé ar feadh tamaill i gCeanada freisin i gcomhlachtaí lónadóireachta.

 

“Bhíos ag iarraidh an domhan a fheiceáil,” a deir Bobby, “Chomh maith le taithí a fháil thar lear.”

 

D’fhill Bobby go hÉirinn in 1986 agus d’oibrigh sé mar bhainisteoir cúnta in Óstán Jury’s i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhainisteoir lónadóireachta lé Campbell Catering in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, freisin.

 

In 1992, thosaigh Bobby ina phost mar stiúrthóir bainistíochta sa chaifé cáiliúil, Bewley’s, agus sin an áit inár chuir sé suim san obair chaifé. D’oibrigh sé ann ar feadh 6 bliana ag forbairt branda Bewleys thar lear, ag cabhrú le héadáil Java City agus Rebecca’s, dá chineál caife Meiriceánach, chomh maith le bheith ag déanamh neart rudaí eile.

 

Le 15 bhliain taithí san earnáil chaifé, mheas Bobby go raibh a dhóthain saineolais aige ar an tseirbhís chaife, bhí Bobby réidh le fáil amach an mbeadh sé in ann a ghnó féin a rith.

 

“Dúirt neart daoine liom nach n-oibreodh sé,” a deir sé.

 

Shíl sé gurbh é an rud ba dheacra faoina chomhlacht féin a bhunú ná post buan agus slán a fhágáil. Bhí deacrachtaí aige airgead a fháil freisin agus bhí níos mó ama ag teastáil chun a chéad chaifé a oscailt ná mar a cheap sé ar dtús. Ach, faoi dheireadh, i mí na Samhna 1999, d’oscail sé a chéad chaife, PERK, ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath. D’oscail sé trí chaifé eile i mBaile Átha Cliath sa bhliain chéanna.

 

“Éiríonn rudaí níos éasca thar na blianta,” a deir Bobby, “de réir mar a ardaíonn an díolachán.”

 

Tá sé ina chathaoirleach ar an gcaife Insomnia anois agus tá sé ar dhuine d’úinéirí na bialainne, Bang, i gCathair Bhaile Átha Cliath chomh maith.

 

Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.