Baill nua de Bhord TG4Dé Céadaoin, 2 Bealtaine 2012
D’fhógair an tAire Cumarsáide, Pat Rabbitte, ochtar ball nua ar Bhord TG4, cathaoirleach san áireamh, an tseachtain seo caite. Táthar ag fanacht ar ainmniúchán amháin eile don Bhord ón gComhchoiste Oireachtais.
Tá Michelle Ní Chróinín, Des Geraghty, Micheál Seoighe, Mairéad Ní Cheoinín, Andréa Ní hÉalaithe agus Mairéad Nic Suibhne na mbaill nua agus tá Pól Ó Gallchóir, Concubhar Ó Liatháin, Rónán Ó Coisdealbha agus Joe Connolly le fanacht ar an mbord ar feadh 5 bliana eile.
Is í Siún Ní Raghallaigh atá ina chathaoirleach nua ar Bhord TG4. As Dún na nGall í Siún Ní Raghallaigh, bhí sí ina Stiúrthóir Airgeadais le Grúpa Nuachtán an Tribune agus is iarStiúrthóir Bainistíochta agus Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha le TG4 í chomh maith. Tá taithí aici ar na meáin thraidisiúnta agus ar na meáin ar líne mar aon leis an tionscal bogearraí. Is léiritheoir scannán, teilifíse agus físe í Siún freisin.
D’oibrigh sí tamall freisin le Tyrone Productions, an comhlacht atá taobh thiar den sobaldráma, Ros na Rún, sular bhunaigh sí a cuideachta léirithe teilifíse féin, ikandi productions.
Oifigeach preasa agus faisnéise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í Michelle Ní Chróinín agus is as Baile Bhuirne, i nGaeltacht na Mumhan di. Tá 15 bliana taithí aici sa rannóg chumarsáide, tograí agus imeachta a bhainistiú agus tá taithí aici ar na meáin agus ar chúrsaí caidrimh phoiblí.
Bhí Des Geraghty ina Uachtarán ar SIPTU agus ina chomhalta d’Údarás RTÉ. Bhí se ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais, Comhdháil na gCeardchumann agus Coimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann, mar aon le bheith ina chomhalta den Choiste Eacnamaíochta agus Airgeadais i bParlaimint na hEorpa.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh. |