“Is cailliúint ollmhór é Cusack”Dé Cheadaoin, 2ú Bealtaine 2012
John Allen
Beidh leantóirí iománaithe Chill Chainnigh agus Chorcaí i nDurlas an Domhnach beag seo chun freastal ar chluiche ceannais na Sraithe. Ó thosach an chéid, seo an t-ochtú uair dos na Cait páirt a ghlacadh sa chluiche, agus iad buacach cúig huaire acu sin.
Do Chorcaigh sa tréimhse céanna seo an dara huair,agus gan aon chorn buaite acu fós. Ach ní bheidh aon tionchar ag na fíricí sin ar chluiche an Domhnaigh mar seo bliain nua agus comórtas nua agus foireann sách nua ag Corcaigh. Ar ndóigh, bímíd ag súil le fhoireann Bhrian Cody i ngach craobh le deich mbliain anuas ach tá Corcaigh i ndiaidh éirí as an luaithreach ó thús na bliana faoi bhainistíocht Jimmy Barry Murphy.
Tá an-dul chun cinn déanta acu ó thosaigh na cluichí sraithe ag deireadh mhí Feabhra. Bhuaigh siad ar Chill Chainnigh, bhí comhscór idir iad féin agus Tiobraid Árann agus bhuaigh siad ar na Tiobradaigh sa chluiche leathcheannais. Tá scata nua imreoirí tugtha chunsolais acu agus mórán cainte arís cois Laoi faoin fhoireann nua seo.
Cé go bhfuil an cúl báire iontach, Dónal Óg Cusack, gortaithe ( teannán Aichill briste ), níl ach Seán Óg Ó hAilpín fágtha ón fhoireann dheiridh a bhuaigh craobh na sraithe sa bhliain 1998.
Ar ndóigh is cailliúint ollmhór é Cusack, captaen na foirne. Nuair a thosaigh Cusack ag imirt leis an fhoireann sinsir in 1996 bhí sé soiléir go raibh tréithe speisialta ag baint leis.
Is ceannaire iontach é sa seomra feistis agus ar pháirc na himeartha, agus is mór an trua é nach mbeidh sé ábalta a áit a glacadh mar chaptaen ar an Domhnach. Ach tá beirt chúlbáire iontach eile acu, Anthony Nash agus Martin Coleman.
Tá an bheirt acu ann ó 2006 agus iad ag feitheamh go foighneach do sheans mar seo. Níl ’fhios agam conas a dhéanann na cúlbáirí breisean traenáil go léir agus uaireanta bíonn orthu feitheamh, b’fhéidir deich mbliana chun imirt i cluiche tábhachtach (má fhaigheann siad deis in aon chor).
Taobh amuigh de chorruair le cúig bliana déag anuas, tá Cusack ag seasamh idir na gcuaillí sna cluichí móra go léir a bhí ag Corcaigh. Ach ón tréimhse órga a bhí acu idir 2003 agus 2006 tá siad imithe síos go lár an dréimire ach tá daoine ann a cheapann gur féidir leo a theacht arís thar oíche.
Ar ndóigh tharla sé cheana.Tháinig na reibiliúnaigh aniar aduaidh ar an domhan iomána in 1999 le foireann óg ach an mbeidh siad ábalta é a dhéanamh arís i mbliana ?
Bhuel tá gach cuma ar an scéal nach mbeidh sé éasca iad a bhualadh .Thaispeáin siad ocras, spiorad, luas, neart agus iománaíocht oilte sna cluichí go dtí seo agus ar ndóigh bhuaigh siad ar fhoireann Chill Chainnigh a bhí láidir go leor.
Ach is dúshlán nua é cluiche an Domhnaigh. Bliain i ndiaidh bliana, tagann ainm nua chun cinn ar fhoireann na gCat. Bhí Cillian Buckley an-fheiceálach sa chluiche leathcheannais agus, cé nach bhfuil siad ar an bhfoireann rófhada, is imreoirí an-tábhachtacha iad Paul Murphy agus Colin Fennelly freisin, ach ar ndóigh tá chuid mhaith des na seanfhondúirí fós ann.
Tá an taithí go léir ag na Cait ach níbheidh faitíos ar Corcaigh rompu go háirithe i ndiaidh an chluiche sraithe a bhí eatarthu mí ó shin. Sa cluiche sraithe sin thaispeáin tosaithe Chorcaí na sála do chúlaithe iomráiteacha na gCat go minic. Ach níl aon dabht ach go mbeidh meon aigne difriúil ag Cill Chainnigh an Domhnach seo.
Chaill na Cait go trom anuraidh sachraobh agus ní bheidh fonn orthugeillleadh arís i mbliana ach ceapaim go bhfuil an lámh in uachtar ag Corcaigh ag dul isteach.
Is é bun agus barr an scéil ná gur fhág an roghnóir Ciarán Carey ‘leagan amach’ Luimnigh mar nach raibh a dhóthain ama aige chun a bheith páirteach céad faoin gcéad sa chluiche.
Sin a dúirt sé liomsa agus creidim é.
Taobh amuigh de sin tá nahullmhúcháin ag dul ar aghaidh dochéad bhabhta na Mumhan i gcoinneThiobraid Árann, cluiche a bheith arsiúl trí seachtainí ón Domhnach beagseo.h sa cluiche seo, goháirithe mura mbeidh Richie Powerábalta imirt, agus go mbeidh an láleo.Sa chomórtas sraithe peile anDomhnach seo caite, rinne Corcaighan beart arís chun trí chraobh i ndiaidha chéile a bhuachan.
An ndéanfaidh an contae píosa staire agus an ceann iomána a chur leis? An uair dheireanach a bhuaigh Corcaigh an dá chraobh sraithe sa bhliain céanna, 1980, bhíos ag imirt ar an fhoireann peile agus bhí Jimmy Barry Murphy ar an dá fhoireann.
Is cuimhin liom a bheith an-bhródúil asa bheith ar fhoireann a bhuaigh ar laochra Chiarraí na linne sin agus iad i lár ceithre chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan. |