Géarchéim pholaitiúil sa Ghréig – rabhadh d’Éirinn

 

Dé Céadaoin, 9 Bealtaine, 2012.

 

Colm Ó Broin

 

Tá cúrsaí polaitíochta ina gcíor thuathail sa Ghréig tar éis an olltoghcháin Dé Domhnaigh seo caite. Géarchéim atá ann don tír agus don Eoraip i gcoitinne. An fhadhb sa pharlaimint anois ná go bhfuil na páirtithe scoilte ina gceithre chuid, idir fhealsúnacht agus an dearcadh atá acu i leith tharrtháil airgeadaíochta na tíre.

 

Tá na páirtithe roinnte idir chinn den eite dheis agus cinn den eite chlé a thacaíonn leis an tarrtháil agus cinn den eite dheis agus den eite chlé atá ina haghaidh. Bhí chomhrialtas idir an dá pháirtí ba mhó, Daonlathas Nua (lár-dheis) agus PASOK (lár-chlé) roimh an toghcháin, ach chaill siad araon an t-uafás tacaíochta. Fuair siad 77% de na vótaí in 2009 ach thit sé seo go dtí 32% ar an Domhnach agus ní féidir leo rialtas nua a bhunú.

 

Tá na páirtithe frith-tharrthála, a fuair móraimh sa toghchán, roinnte idir SYRIZA (macasamhail Chomhaontas na Clé Aontaithe), an Páirtí Cumannach, Gréagaigh Neamhspleácha (eite dheis), an Daonlathas Clé agus an páirtí nua-Naitsíoch, Caomhaoir Órga, a bhuaigh 7% den vóta. Níl go leor suíochán ag na páirtithe ar fad den eite chlé (PASOK san áireamh) chun rialtas a bhunú agus bheadh ar na páirtithe den eite dheis dul i muinín daoine a dhíolann Mein Kampf, a dhéanann cuirtéis Naitsíoch agus a bhfuil brat thar a bheith cosúil le svaistice acu chun comhrialtas a dhéanamh.

 

In ainneoin go raibh mionpháirtí fíornáisiúnach frith- Ghiúdach, Tearnamh Ceartchreidmheach an Phobail, sa chomhrialtas deireanach leis an Daonlathas Nua agus PASOK, agus go bhfuil beirt iarfheisirí den pháirtí sin a rinne ráitis frith- Ghiúdacha cheana mar bhaill den Daonlathas Nua anois, is beag seans go mbeidh Caomhóir Órga mar chuid de rialtas na Gréige.

 

Is cosúil go mbeidh toghchán eile sa Ghréig ach ní fios an gcuirfidh sé sin deireadh leis an scoilt sa tír. Ní fios céard a tharlóidh má dhiúltaíonn rialtas nua do tharrtháil an AE-IMF, má bhíonn orthu an euro a fhágáil d’fhéadfadh sé an ghéarchéim eacnamaíochta reatha a chur in áit na leathphingine, ach níl a fhios ag éinne céard a tharlódh i ndáiríre.

 

Faoi láthair tá na páirtithe traidisiúnta thíos leis go mór, tá borradh faoin bhfíor-eite chlé agus tá Naitsithe ag suí sa Pharlaimint agus ag ionsaí mionlach ar na sráideanna. Ní áibhéal atá ann comparáid a dhéanamh idir an méid atá ag titim amach agus Poblacht Weimar sa Ghearmáin.

 

Is féidir iomlán an ailt seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.