Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’Albainis-Uladh


Dé Chéadaoin, 9 Bealtaine 2012

 

Eagarfhocal 

 

BA cheart tacaíocht chuí a thabhairt don teanga Éireannach, Albainis-Uladh. Ní aontóidh gach Gael leis an ráiteas sin ach ba cheart go mbeadh tuigbheáil againn ar chás na hAlbainise in Éirinn.

 

Rinneadh an teanga, canúint más fearr leat, a mhionlú agus a imeallú i ndóigh iontach cosúil leis an scrios a rinneadh ar an Ghaeilge, go dtí an pointe nach bhfuil ach giota de bhlas agus corrfhocal anseo is ansiúd fágtha den teanga.

 

Ní haon bhagairt don Ghaeilge fíor ‘Albainis Uladh’.

 

Is cinnte, áfach, go mbaintear úsáid as chun a bheag a dhéanamh as an Ghaeilge, chun tacaíocht airgid a choinneáil ón Ghaeilge agus chun cosc a chur ar chomharthaíocht Ghaeilge sa Tuaisceart.

 

Ar go leor bealaí, pléann cuid mhór polaiteoirí Aontachtacha leis an Albainis-Uladh sa chaoi go gcreideann siad a bhaineann náisiúnaigh úsáid as an Ghaeilge.

 

Is trua chomh maith go ndéanann cuid de na polaiteoirí Aontachtacha a bheag as Albainis-Uladh chun a bheag a dhéanamh as an Ghaeilge – tríd ghaol bréagach a chruthú eatarthu.

 

Ar ndóigh, bhí sé de pholasaithe ag rialtas na Breataine an dá theanga a phósadh le chéile i gcónaí, ní raibh cead ag urlabharaithe an Ghaeilge a lua gan Albainis-Uladh a lua leis, ‘Irish and Ulster-Scots’ an toradh ar an pholasaí sin.

 

Ar ndóigh, cruthaíodh an bhréagtheanga ‘Ullans’ chun dochar a dhéanamh do chúis na Gaeilge, ach is mó an dochar a rinne sé don teanga /canúint thraidisiúnta Albainise ná don Ghaeilge.

 

Níl an dóigh a phléann an ‘Boord o Ulstèr-Scotch’ ar dóigh ar bith sásúil agus tá gach cuma ar an scéal go bhfuil airgead a ba cheart a chaitheamh ar chothú teanga á chaitheamh ar gach rud seachas teanga.

 

Ní féidir glacadh leis sin.

 

Ba cheart don Boord díriú ar an teanga thar aon rud eile – go háirithe má tá an teanga thraidisiúnta i mbéal a báis.

 

Ba cheart taifeadadh a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais is fearr.

 

Ba cheart suirbhé teangeolaíocht a dhéanamh ar na canúintí a mhaireann.

 

Ba cheart suirbhé a dhéanamh ar úsáid na teanga, agus i measc an aosa óig ach go háirithe.

 

Ba cheart seanchas, filíocht agus saibhreas teanga a bhailiú agus a fhoilsiú.

 

Tuigtear go bhfuil an Boord ag iarraidh Albainis-Uladh (agus táthar ag súil gurb í an teanga / canúint atá i gceist acu) a chur ar churaclam an Tuaiscirt, tá go maith.

 

Ach tá an Boord ar an tsaol ó bhí 1998 ann, sin 14 bliana ó shin – nár cheart go mbeadh na rudaí seo socraithe faoin am seo?