An choir is mó i stair an Stáit
Dé Céadaoin, 23 Bealtaine, 2012.
Colm Ó Broin
PLÉADH an choir is mó i stair an Stáit sa Dáil an tseachtain seo caite. B’shin é buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, a tharla ar an 17 Bealtaine 1974 agus a mharaigh 33 duine.
Níor gabhadh, níor cúisíodh agus níor ciontaíodh duine ar bith i leith na coire seo le 38 bliain anuas. Dúirt Caoimhghín Ó Caoláin, ó Shinn Féin gur léir go raibh fórsaí na Breataine páirteach san ionsaí agus chuir sé ceist ar an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, an raibh aon dul chun cinn déanta maidir le heolas faoin sléacht a fháil ó Rialtas na Breataine.
Dúirt an tAire Shatter go raibh an cheist ardaithe ag Rialtas na hÉireann lena gcomhghleacaithe i Londain go minic agus go nardódh siad an cheist leo gach deis a bheadh acu amach anseo.
Sin mar a sheasann cúrsaí faoi láthair – ardaíonn Rialtas na hÉireann an cheist agus diúltaíonn Rialtas na Breataine fáisnéis a chur ar fáil agus leantar leis an éagóir.
Is féidir an chuid eile den scéal seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.
|