Máithreacha ón Spáinn ag lorg múinteora Gaeilge

 

Dé Céadaoin 30 Bealtaine 2012

 

Colm Ó Broin

 

TÁ grúpa ban Spáinneach ag lorg múinteora Gaeilge atá líofa sa Spáinnis chomh maith chun cabhair dheonach a thabhairt dóibh. Tá páistí óga ag na mná seo agus tá siad ag iarraidh roinnt Gaeilge a fhoghlaim chun cabhair a thabhairt dóibh lena gcuid oibre baile agus chun meas a léiriú do chultúr na hÉireann.


Bunaíodh an Association of Spanish Parents in Ireland (www.aspi.ie) i mí Feabhra chun líonra a chruthú do theaghlaigh Spáinneacha in Éirinn. Tá 40 sa ghrúpa go dtí seo ach tá sé ag méadú go tapaidh. Is mná Spáinneacha atá pósta le fir Éireannacha formhór na mball agus beidh an chuid is mó acu ag fanacht in Éirinn go fadtéarmach.

 

Teastaíonn uathu go mbeadh Spáinnis ag a bpáistí agus go dtí seo tá grúpa tachráin, club iarscoile, club siúil agus imeachtaí eile trí mheán na Spáinnise eagraithe acu. Beidh siad ag eagrú cainteanna faoin tuismitheoireacht do na baill amach anseo freisin. Mar aon le cabhair a thabhairt dá bpáistí ar scoil, tá na máithreacha ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chun meas a léiriú do chultúr agus do theanga na hÉireann, óir tá siad ag súil go bhfoghlaimeoidh a bpáirtithe Spáinnis.


“Mar mhúinteoir Spáinnise, tá an-suim agam i gcúrsaí teanga agus bhí sé mar rún daingean agam an cúrsa seo a eagrú do na baill,” arsa rúnaí an ASPI, Leticia Medina.

 

“D'fhreastal mé ar ranganna Gaeilge le múinteoirí iontacha ach bhí sé an-deacair a bheith sa rang le daoine Éireannacha a dúirt gur tosaitheoirí a bhí iontu. Gan amhras, ní féidir le daoine le Gaeilge na scoile a rá gur tosaitheoirí iad, is cuma cé chomh dona agus a bhí siad ar scoil. Sin an fáth go bhfuil
mé ag lorg múinteora don ghrúpa seo amháin.”

 

Tá Medina ag súil go mbeidh idir seisear agus naonúr sa ghrúpa ag an tús ach go méadóidh an líon sin. Bheadh na ranganna ar siúl tráthnóna Aoine nó maidin Shatharn. Tá an grúpa ag lorg múinteora, le Spáinnis más féidir, a bheadh sásta an Ghaeilge a mhúineadh go deonach ach deir siad go mbeidh siad in ann ranganna Spáinnise a chur ar fáil don duine mar chúiteamh ar an obair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .