Comhairliúchán faoi ionaid altranais
Dé Céadaoin, 30 Bealtaine 2012
Colm Ó Broin
TÁ tús curtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tréimhse chomhairliúcháin maidir le dhá ionad altranais i gContae Laoise. Beidh an FSS ag lorg tuairimí agus aighneachtaí ón bpobal faoi thodhchaí Ospidéal Mhainistir Laoise agus Ospidéal Naomh Bríde sa Sián.
Bhí sé beartaithe ag an FSS Ospidéal Mhainistir Laoise a dhúnadh ach chothaigh an plean go leor cáinte agus feachtasaíochta sa bhaile. Tá cáipéis chomhairliúchán curtha ag an FSS ar shuíomh idirlín na Feidhmeannachta le heolas faoi na seirbhísí atá ar fail do sheandaoine sa cheantar máguaird.
Beidh deis ag daoine atá ag fanacht sna haonaid faoi láthair agus daoine a bhfuil spéis acu san ábhar bualadh le hoifigigh de chuid an FSS chomh maith le linn na tréimhse a chríochnóidh ar an 14 Lúnasa.
|