Tacaíocht ag sileadh ón Lucht Oibre 
Dé Céadaoin, 30 Bealtaine 2012
Colm Ó Broin
BHÍ raidhse pobalbhreitheanna thar an deireadh seachtaine a thug le fios go bhfuil Sinn Féin tar éis meall mór a bhaint as tacaíochta an Lucht Oibre.
De réir suirbhé de chuid an MRBI don Irish Times, tá Sinn Féin ar 24% agus tá an Lucht Oibre ar 10%. Níl an bhearna eatarthu chomh mór de réir suirbhé Red C don Sunday Business Post, áfach - dar leo siúd tá Sinn Féin ar 19% agus tá an Lucht Oibre ar 15%. Níl athrú tagtha ar thacaíocht Fhine Gael nó Fhianna Fáil ón olltoghchán anuraidh de réir suirbhé a rinneadh don Sunday Independent. Fuair Fine Gael 36% den vóta ag an am, fuair Fianna Fáil 17% agus is amhlaidh atá sé anois de réir thaighde Millward Brown Lansdowne.
Tá tacaíocht Fhine Gael níos ísle sna suirbhéanna a rinneadh don Irish Times agus don SBP áfach. D’éirigh leis an Lucht Oibre 19% den vóta a mhealladh san olltoghchán agus fuair Sinn Féin 9.9%. Tá, nach mór, malartú déanta ar na figiúirí sin de réir phobalbhreitheanna an Irish Times agus an SBP.
Ceard a chiallaíonn sé seo don todhchaí? Is cosúil faoin dtráth seo nach bhfuil an Lucht Oibre chun léimt ón rialtas go luath, ach má bhíonn na figiúirí thart an ar méid chéanna agus muid ag teannadh leis an gcéad olltoghchán eile gach seans go naimseoidh an páirtí cúis éigin chun glanadh leo. Ar ndóigh, dhéanfaí sléacht ar pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre dá bhfaighidís 10% den vóta ag an gcéad olltoghchán eile, agus beidh sé seo ag déanamh imní do shaoistí agus do chúlbhinseoirí an pháirtí i rith an ama.
Cé go bhfuiltear ann a deir nach n-athraíonn faic sa pholaitíocht, tá sé spéisiúil go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar thacaíocht pháirtithe an chogaidh chathartha i gcoitinne ó thit an ghéarchéim eacnamaíochta amach. Fuair Fianna Fáil agus Fine Gael 70% den vóta in olltoghchán 2007, ach thit sé sin go dtí 53% san olltoghchán deireanach. Má éiríonn le leithéidí Stephen Donnelly agus Shane Ross páirtí nua den eite dheis a bhunú amach anseo, d’fhéadfaí sciar de na vótaí seo a mhealladh.
Beidh rogha le déanamh ag an Lucht Oibre tar éis an chéad olltoghcháin eile fanacht le Fine Gael sa rialtas (sa chás go mbeidh móramh idir an dá pháirtí), nó iarracht a dhéanamh Fine Gael agus Fianna Fáil a chur i gcomhrialtas lena chéile. Tá go leor ráite ag an Lucht Oibre faoin ngá atá ann deireadh a chur le polaitíochta an chogaidh chathartha, b’fhéidir go mbeidh an deis is fearr acu riamh an sprioc sin a bhaint amach ag an gcéad olltoghchán eile.
|