Nach iontach Christine Lagarde a bheith chomh corraithe sin faoi na Gréagaigh bochta?Dé Chéadaoin, 30 Bealtaine 2012 Eoghan Ó Néill
Ag cóisirí dinnéir in Monacó, sa Ghinéiv , agus ar oileáin Cayman beidh siad ag ól sláinte Christine Lagarde go gceann míonna fada.
Nó seachas aird a tharraingt ar an aicme líonmhar sin d’Eorpaigh saibhre a sheachnaíonn íocaíochtaí cánach, tá ceannaire an IMF i ndiaidh na Gréagaigh a lochtadh as geilleagar na hEorpa agus na cruinne a fhágáil ar bhruach na haille. Bhí an Bhean Uasal Lagarde chomh feargach sin faoi lucht seachanta cánach na Gréige gur gheall sí ‘Payback’ dóibh in agallamh a thug sí do nuachtan Guardian Shasana.
‘Grá crua’ a thug tráchtairí áirithe ar a caint agus mhol siad í as a bheith misniúil go leor chun an fhírinne shearbh a rá os ard.
Ach nach iontach Christine Lagarde a bheith chomh corraithe sin faoi na Gréagaigh bochta.
Bheinn féin ar an gcead duine a déarfadh gur gá do na Gréagaigh an cur chuige eacnamúil a bhíodh i réim acu a athrú agus a bhisiú. Dála an scéil, tá sin déanta as cuimse acu le blianta beaga anuas.
Ach dá mbeinn ag iarraidh dream a lochtadh as an ngéarchor creidmheasa domhanda ná as cliseadh an Euro bheadh na Gréagaigh i bhfad i bhfad siar ar mo liosta ciontóirí.
Is miongheilleagar san Aontas Eorpach é geilleagar na Gréige, atá, ar bhonn domhanda, freagrach as 0.5% den Olltáirgeacht Domhanda. Agus is mionlach de phobal na Gréige nach n-íocann cáin.
Mar sin, níorbh í an Ghréig, dá lochtaigh cuid dá raibh ar siúil ansin, a bhí freagrach as géarchéim na hEorpa ná na cruinne.
Ach tuigeann Madame Lagarde sin. Níl sise buartha faoin Ghréig. Níl sa Ghréig agus a fadhbanna ach áiméar ag Christine Lagarde chun an stair a athscríobh.
Nó is í an fhírinne an rud deireannach a ba mhaith le Christine Lagarde a chlos, ná a comhghleacaithe ná a cliaint.
An fhírinne atá ann ná gur chlis ar an gcaipitleachas.
Is féidir an scéal seo ina iomháine a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.
|