Scéim Labhairt na GaeilgeDé Chéadaoin, 6 Meitheamh 2012
EAGARFHOCAL
TÁ torthaí Scéim Labhairt na Gaeilge againn don bhliain 2010/11 anois.
Léiríonn siad go bhfuil an Ghaeilge fos á labhairt agus go bhfuil sí fós ag páistí i gceantracha áirithe den Ghaeltacht Oifigiúil.
Tá líon na dteaghlach a thuill an deontas iomlán íslithe de bheagán ar an drochuair, thíos 26 teaghlach, ach ní titim thubaisteach é sin, cé gur léir nach bhfuil smacht againn ar mheath na Gaeilge sna Gaeltachtaí go fóill, áfach.
Tá dul chun cinn déanta i roinnt ceantar (de réir cosúlachta), caithfear amharc air sin go dearfach, caithfear sin a fhiosrú agus caithfear dóchas a chur ann.
Tá ceantair eile ann, faraor, agus is cuma cé chomh dóchasach is atá muid as todhchaí na Gaeilge – níl bealach ar bith ar ais i roinnt mhaith de na ceantair seo don Ghaeltacht – ag tosú as an nua a bheadh muid.
Fiú má dhéantar athbheochan iomlán ar an teanga sna ceantair sin, tá sé ró-mhall chun caint thraidisiúnta na gceantracha sin a shábháil.
Mar shampla, de réir cosúlachta, níl ach 8 dteaghlach ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt in Eachréidh na Gaillimhe.
I nGaeltachtaí Mhaigh Eo ar fad, níor thuill ach 52 theaghlach an deontas iomlán, 29 acu in dhá áit ar leith.
Seans go mairfidh an dá áit sin, Ceathrú Thaidhg agus an Eachléim tamall maith eile mar Ghaeltachtaí ach tá an chuid eile de Ghaeltacht Mhaigh Eo caillte.
Ar an drochuair, níl staidéar cuimsitheach teangeolaíochta déanta ar an chuid de na canúintí a mhaireann go fóill.
Táthar ag súil go ndéanfar na cainteoirí dúchais a mhaireann fós a thaifeadadh agus go ndéanfar staidéar cuí acadúil orthu sula gcaillfear an deis go deo.
Cá bhfios, seans go mbeadh athrú ar dhearcadh na ndaoine amach anseo agus go ndéanfar na canúintí sin a athbheochan (cé nach féidir sin a dhéanamh go hiomlán) mar atá ag tarlú i gcorr-áit sna Sé Chontae.
Tá ceist ann i gcónaí, ar ndóigh, faoi theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta. |