Deir muidne ‘Tá’, deir an Ghearmáin ‘Níl’

Dé Céadaoin, 6 Meitheamh 2012.

 

Colm Ó Broin

 

VÓTÁIL 60% den phobal glacadh leis an gConradh Fioscach an tseachtain seo caite. Bua láidir a bhí ann don rialtas agus dóibh siúd a mhol an conradh. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Enda Kenny, go mbeidh sé ag lorg athbhreithnithe ar théarmaí na tarrthála a rinne Éire ar bhainc na tíre.

 

Dar leis, tacaíonn an vóta ‘Tá’ leis an iarracht seo. An teoiric taobh thiar den tuairim sin ná go bhfuil léirithe againn go bhfuil muid ‘i gcroílár na hEorpa’ agus nach bhfuil sé ar intinn againn mioscais a chothú.

 

Céad faraor, tá sé ráite ag urlabhraí Aire Airgeadais na Gearmáine cheana féin nach gceapann sé gur cheart ualach fiachais bhaincéireachta na hÉireann a laghdú. ‘Drochchomhartha’ a bheadh ann, dar leis. Tá uisce fuar caite ag oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh ar iarratas an rialtais chomh
maith.


An bundearcadh atá ag an rialtas ná go bhfuil Éire lag, gan cumhacht, agus mar sin go gcaithfidh muid tíortha móra na hEorpa a shásamh. Má dhéanann muid é seo beidh siad go deas linn agus cabhróidh siad linn le fiacha Bhanc Angla Éireann.

 

Ar chúis éigin ceapann an rialtas go bhfuil polaitíocht na hEorpa difriúil ó pholaitíocht na hÉireann, go nglacann polaiteoirí ar an Mór-Roinn le moladh toisc go bhfuil sé ceart agus cóir, seachas go bhfuil leas ann dóibh. Cén fáth a mbeadh an Ghearmáin sásta a bheith ‘go deas’ linn, siadsan a bheas ag íoc as an laghdú ar fhiachais na hÉireann? 

 

Is féidir iomlán an ailt seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.