Níl áit níos fearr ná an Daingean – chun Béarla a fhoghlaimDé Chéadaoin, 6 Meitheamh 2012
Breandán Mac Gearailt
TÁ bean ón tSlóivéin tar éis Scoil Teanga a sheoladh sa Daingean.
Is i dTábhairne na Cúirte ar an Meall a deineadh an gaisce.
Bhí Consal na Slóivéine, an tUasal Jasma Gersak, i láthair.
Dar le Bianca Popovich ná fuil áit níos fearr ná an Daingean le scoil mar seo a lonnú ina bhfoghlaimeodh daoine ón tSlóivéin, agus tíortha mar í, Béarla.
|