Is é Francois Hollande an polaiteoir is tábhachtaí san Eoraip anois

 

Dé Chéadaoin, 6 Meitheamh 2012

 

Anailís le Seán Ó Tuairisg, i bPáras na Fraince

 

Chaith mé formhór na bliana seo caite sa bhFrainc, rud a chuir ar mo chumas súil ghéar a choinneáil ar a raibh ag tarlú thall ansin. Tar éis tamaill bhig, bhí sé soiléir dhom go raibh ag teip go tréan ar Uachtarán na Fraince ag an am, Nicholas Sarkozy.

 

Bhí pobal na Fraince ag éirí tinn, tuirseach, agus go deimhin, lagmhisniúil, as an saghas dílseachta agus umhlaíochta, dar leo, a bhí ar siúl aige le Sainsiléir na Gearmáine, Angela Merkel.  

 

D'éiríodar bréan, amach is amach, de na cartúin uile a bhí  sna páipéir gach uile mhaidin, agus le himeacht aimsire, ní fhéadfá féachaint ar chlár maith polaitíochta ar an TV, gan cúpla ceann de na cartúin chéanna a fheiceáil. Níorbh nuacht a thuilleadh cruinniú mullaigh idir na beirte.....na barróga, na póganna, fiú an meangadh céanna gáire ar na pictiúir.

 

Tháinig focal nua isteach sa bhFraincis: Mercozy agus ba leor sin chun Nicholas a chur de dhruim seoil.

 

Tús na bliana seo caite, bhí laoch nua aimsithe ag pobal na Fraince, a chuirfeadh gainimh ar Sarkozy, agus a chuirfeadh bláth de shaghas éigin ar dhrochstaid eacnamaíochta na Fraince. Bhí, agus tá, bancanna na Fraince i ndroch-chaoi, de bharr a bhfuil amuigh orthu, chuig bancanna na Gréige, agus gan seans i mbéal muice acu, cent rua a fháil arais. Go deimhin fhéin, laghdaíodh a ráta fiúntais ó XXX go dtí XX.

 

Ba é D.S.K, "Le Grand Seducteur", mar a thugadh an-chuid ban air, nó Dominick Straus Khan, iarUachtarán an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais, agus iar- Aire Airgeadais i rialtas na Fraince, an laoch nua a bhí chucu.

 

Bhí go maith, agus níorbh fhéidir a dhóthain molta a thabhairt dó, ar gach uile chlár raidió, TV agus sna páipéir go dtí gur cuir sé a shúile thar a chuid, in óstán thall i Nua-Eabhrac. Ina dhiaidh sin, thosaigh na scéalta uile ag teacht chun solais, faoin dúil damanta a bhí aige sa ngarraí féir úd thall.  

 

Le fin do DSK.

 

"Is iad na muca ciúine a itheann an mhin," Níl aon seans go bhfuil mé ag tabhairt droch leasainm ar Francois Hollande, Uachtarán nuathofa na Fraince, mar is maith liom go mór é. Tá mé a rá gur fhan sé go stuama críonna ciúin, i mbun a chuid oibre don Pháirtí Sóisialach, ab ansa lena chroí.

 

Ba é páirtí Segelone Royal é, nuair a sheas sise i gcoinne Sarkozy, don Pháirtí Sóisialach. Tá ceathrar clainne orthu agus páirtí nua ag Francois anois. Chuige seo atá mé. Ní haon "fág an bealach" é Hollande. Fear an-chliste, stuama, cruaoibre, ciúin é. Cainteoir líofa Gearmáinise, a bhain a chéim amach in Ollscoil Wúrtsburg.

 

I mbeagán focal, tá polaitíochta na hEorpa athraithe ó bhun aníos aige san achar is giorra ama a bhféadfaí sin a dhéanamh. Chaith mé an choicís dheiridh dá fheachtas Uachtaránachta thall sa mBriotáin.

 

Bhí mé i Lorient an chéad lá, nuair a d fhógair sé go misniúil cróga, beag beann ar éinne eile san Eoraip, Merkel san áirimh, NÁRBH leor ciorraithe airgeadais, astu féin, chun eacnamaíochta na hEorpa a thabhairt aníos as an bpoll puitigh ina raibh/ agus ina bhfuil sí. Dúirt sé, agus mhínigh sé go glan soiléir, go gcaithfeadh fás agus forbairt eacnamaíochta a bheith ar siúl ag an am céanna, le ciorraithe airgeadais.

 

Bhí mé i Quimper (Kemper) an lá dar gcionn, nuair a d’fhógair sé, aríst gan fuacht ná faitíos, agus gan aon réamhfhógra do Merkel, go gcaithfí Bannaí Eorpacha a thabhairt isteach, agus an caillteanas millteanach airgid in Aontas na hEorpa, a roinnt ar na ballstáit uile.

 

Ar ndóigh, is polaiteoir den scoth é Hollande. Bhí, agus tá, drochbhaill ar eacnamaíocht na Fraince. Bhí toghchán na hUachtaránachta ar siúl. Bhí Sarkozy in a cheap magaidh ag pobal na Fraince. Bhí deireadh ré ag teacht le réimeas Merkel.

 

Bhí toghchán le bheith ar siúl in Notdrhein-Westphalen, 18.5 milliún duine, áit a bhfuair Merkel greadadh uafásach. Scanraigh sé seo Merkel agus na Gearmánaigh fré chéile, agus ag an am céanna, bhí carte blanche ag Hollande.

 

Choinnigh sé a shúil ghéar freisin ar pholaitíocht na Fraince: an toghchán do Pharlaimint na Fraince, i gceann coicíse, agus é ag tabhairt an-seans dá pháirtí Sóisialach féin móramh iomlán glan a bhaint amach.

 

Tar éis a insealbhaithe mar Uachtarán, chuaigh Hollande caol díreach chun casadh ar Merkel. Bhuail tintreach toirnigh an t-eitleán agus bhí air filleadh, sa tóir ar cheann eile. Seo leis go Beirlín. Barróg ná póigín ní raibh le fáil ag Merkel. (Adieu, Sarkozy!)  Bhí cruinniú maith oibre acu, ach rinne Hollande glan soiléir do Merkel nárbh aon Sarkosy é. Ré eile anois.

 

Ag a gcéad chruinniú mullaigh, sa mBruiséil, ar an 23 Bealtaine, bhí roinnt cairde ó thíortha eile, ag fanacht le Hollande, agus iad buíoch beannachtach as a shoiscéal: Bannaí Eorpacha, agus Forbairt Eacnamaíochta, i dteannta na gCiorraithe Airgeadais. Bhí an Ghearmáin glan i gcoinne a leithéíd seo de pholasaí. Bhíodh Sarkozy de shíor ag iarraidh polasaithe a bheith aontaithe roimhré ag an bhFrainc agus an Ghearmáin.

 

D'imir Hollande carta cliste. Bhí cruinniú aige le Príomhaire na Spáinne, Mariano Rajoy, agus bhuaileadar beirt ar an traen chuig an Bhruiséil, don gcéad chruinniú eile. Nocht sé a thuairimí go glan soiléir tar éis an chruinnithe. Dúirt sé go gceapann Merkel go dtagann Bannaí Eorpacha i gceist, nuair a bhíonn gach ní eile socraithe, ach dar leis féin, go bhfuil Bannaí Eorpacha ag teacht sa gcéad áit.

 

Ach ‘múineann gá seift‘, agus caithfidh an Ghearmáin bogadh. Theip ar an seanchaoi. Córas nua feasta; mar seo leanas:

Caithfear Aontas Baincéireachta a bhunú. Caithfidh Córas Bannaí a bheith i réim do gach taisce. Caithfear athchaipitliú a dhéanamh ar bhancanna na hEorpa. Caithfear córas ceart riaracháin a thabhairt isteach, ar fud an Aontais Eorpaigh. Taitníodh sé linn anseo in Éirinn, nó ná taitníodh, ní bheidh an dara suí sa mbuaille ag Aontas na hEorpach, ach Aontas Fioscach na hEorpa a thabhairt isteach, le Bannaí Eorpacha, san áirimh.

 

Tá Uachtarán na Fraince, Francois Hollande, iomlán ceart, dar liom, tús dearfach a chur le díospóireacht ar thodhchaí an euro. Níorbh leor cruinnithe na mbarróg agus na bpóg, ní raibh iontu ach seafóid, agus tuille seafóide, mar ní raibh cóimheá agus cóimheas i gceist sa díospóireacht idir gach ball.

 

Ní bheidh an ród seo romhainn éasca, ná é.  Ní bheidh fonn ar lucht an bhranda XXX, nós na Fionlainne, na hÍsiltíre agus ar ndóigh, na Gearmáine, fonnmhar mórán a ghéilleadh do na tíortha laga ar imeall agus ar deisceart na hEorpa. Ach ní bheadh aon dea-thoradh in achrann fada a bheith idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Tá an Fhrainc i bhfad, i bhfad níos laige ná an Ghearmáin.

 

Caithfidh mé glaoch ar Mons. Hollande agus a rá leis nach bhfuil aon mhaitheas cártaí creidmheasa a dháileadh amach ar thíortha mífhreagracha, cosúil leis an tírín seo againne, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil agus an Phortaingéil, nó na PIGS mar a tugtar orainn anois!

 

Tá sé in am freisin córas soiléir freagrachta a thabhairt isteach, do Ranna Airgeadais agus Baincéireachta gach uile thír in Aontas na hEorpa, a mbeadh feidhm dhlí leis, agus an dlí sin a fháisceadh go géar ar éinne, nó gach éinne, a sháróidh an dlí sin.

 

Náire uafásach a bhfuil tarlaithe sa tír seo agus saol an mhadaidh bháin acu siúd uile a rinne an feall.  Go dtí go gcuirfear dlí na tíre seo i bhfeidhm, ní bheidh cuma ná caoi orainn...........nó an bhfuiltear ag fanacht go ndéanfaidh dream éicínt eile dúinn é, nuair nach bhfuil sé de mhisneach, ná de mhacántacht ionainn féin é a dhéanamh?    Agus príosún fada. Ach mo dhearmad, an do na bochtáin na príosúin, den chuid is mó?

 

Seachnaímis tuilleadh focal ar nós: GREXIT, EIREXIT, POREXIT, SPAXIT, agus ITAXIT.

 

Céard í mar oidhreacht í do na glúnta seo romhainn?