Uíbh Ráthach buartha faoina stádas GaeltachtaDé Céadaoin, 13 Meitheamh 2012
Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i mbun suirbhé faoi láthair chun tuairimí agus moltaí mhuintir an cheantair a fháil faoin nGaeilge.
Is cuid den Ghaeltacht oifigiúil roinnt mhaith d’Uíbh Ráthach. Tá 2000 duine ar an liosta vótála sa cheantar ach níl ach cuid acu sin ina nGaeilgeoirí ó dhúchas.
“Tá cuid acu ina nGaeilgeoirí ó dhúchas,” a deir Caitlín Breathnach, bainisteoir an Chomhchoiste, ach níl figiúr cruinn acu de chainteoirí dúchais an cheantair.
Tá Breathnach buartha faoin stádas Gaeltachta atá sa cheantar.
“Níl an áit seo láidir mar Ghaeltacht,” a deir sí, “Ach tá dea-thoil ag an bpobal (don Ghaeilge). Tá siad ag iarraidh an méid is féidir leo a dhéanamh ar son na Gaeilge."
Cuireann sí an lucht ar an inimirce agus ar dhaoine a bheith ag fágáil na háite.
“Nuair a thagann siad ar ais, bíonn siad pósta le daoine ó lár tíre agus ní bhoinn aon Ghaeilge acu sin,” a dúirt Breathnach.
Tá meánscoil amháin sa cheantar, Coláiste na Sceilge, atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht i gCathair Saidhbhín.
Is scoil Bhéarla í ach tá Aonad Gaeilge inti a chuireann ábhair trí Ghaeilge ar fáil do na daltaí.
Is féidir iomlán an scéil seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo. |