‘Croí a Mhúscailt – Awakening a Heart’Dé Céadaoin, 13 Meitheamh 2012
“Lá amháin, Daideo was no longer in his chair.”
Tús láidir agus brónach atá ag an dráma, ‘Croí a Muscailte – Awakening a Heart’. Cruthaíonn sé codarsnacht láidir mar, díreach ina dhiaidh sin, ritheann cailín óg, gealgháireach ar an stáitse. Go tobann, feiceann sí cathaoir Dhaideo, folamh. Athraíonn meon agus rithim an dráma ansin.
Insíonn an dráma seo scéal cailín óg atá i ndiaidh a Daideo a chailliúint agus atá ag iarraidh é a thuiscint agus ag iarraidh éirí cleachtach leis. Is puipéid iad an dá charachtar.
Tá an cailín ag iarraidh cuimhneamh ar Dhaideo agus ar a chuid rudaí ach tá a Mamó ag iarraidh fáil réidh leis na cuimhní sin. Tá sí ag iarraidh gach rud a chuir as radharc i málaí.
Feicimid an caidreamh idir an cailín óg agus a Mamó agus an bealach ina bhfuil an bheirt acu ag iarraidh déileáil leis an rud céanna, ach ar bhealaí éagsúla.
Cabhraíonn rithim an dráma go mór leis an scéal a insint. Tosaíonn sé leis an gcailín ag rith agus nuair a fheiceann sí cathaoir Dhaideo folamh, stopann sí. Thaispeánann sé don lucht féachana go bhfuil moilliú ag teastáil uaireanta i ndiaidh báis, rud nach ndéanaimid go hiondúil.
Úsáidtear rudaí áirithe chun pictiúr de Dhaideo a chruthú don lucht féachana. Bíonn an cailín ag súgradh le bróga agus le hata Dhaideo, mar a dhéanfadh páiste ar bith.
Cruthaítear greann sa dráma ar an mbealach sin chomh maith le láithreacht (presence) a thabhairt do Dhaideo le linn an dráma ar fad. Mothaíonn an lucht féachana é an t-am ar fad, cé nach bhfeicimid é.
Chruthaigh Suse Reibisch an dá phuipéad, Mamó agus an cailín óg, a úsáidtear sa dráma agus tá cuma iontach orthu! Rinne sí an-jab leo. Tá puipéadóireacht agus puipéadóirí iontach maith ann freisin.
Uair nó dhó le linn an dráma, rinne mé dearmad gur puipéid a bhí iontu agus nach fíordhaoine.
Cruthaíodh atmaisféar don dráma dúinn chomh luath agus a chuamar isteach san amharclann. Bhí an áit dorcha agus bhí ceol ciúin á sheinm ar an bpianó.
Chruthaigh an cumadóir, Morgan Cooke, an ceol ar fad don dráma agus cruthaíonn sé atmaisféar iontach le linn an dráma. Cabhraíonn an ceol go mór le hinsint an scéil, léiríonn sé dúinn céard atá ag tarlú ar an stáitse agus céard atá ag dul trí chloigeann na gcarachtar.
Is iad Marc Mac Lochlainn agus Bjarne Sandborg stiúrthóirí an dráma. Is as comhlacht amharclainne sa Danmhairg é Bjarne agus tá sé ag obair le Branar ar an seó seo mar stiúrthóir agus mar chomhairleach ealaíne.
Is stiúrthóir le Branar é Marc agus tá sé an-sásta leis an dráma. Faoi láthair, is scéal an-ghar don a chroí é freisin, toisc gur chaill a pháistí a nDaideo féin le déanaí agus breathnaíonn sé orthu agus iad ag dul tríd an rud céanna is atá an cailín beag sa scéal.
“Tá mé in ann a rá go bhfuil siad ag dul tríd an rud céanna,” a deir Marc, “Taitníonn (an dráma) thar cionn liom.”
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh. |