‘Is don Stát seachas don Pháirtí atá dílseacht gach TD dlite’

 

Dé Chéadaoin, 13ú Meitheamh, 2012

 

Concubhar Ó Liatháin

 

Bhí sé cosúil le Triú Rún Fatima ar feadh i bhfad.   Cé mhéid den ‘ghnáththuarastal tionsclaíoch’ a bhfaigheann Teachtaí Dála agus Baill Tionóil Shinn Féin mar chúiteamh ar a saothar ar son a dtoghthóirí agus cé mhéid a choinníonn an páirtí?

 

Is iomaí uair a chuir mé an cheist - ach ní raibh urlabhraí an pháirtí sásta aon fhreagra beacht a thabhairt dom.  Ach anois, de bharr sciorradh teanga, b’fhéidir, ó Theachta Dála nua, tá an t-eolas sa réimse poiblí.  Faigheann gach TD de chuid Shinn Féin isteach agus amach le €34,000, dar leis an méid a thug Sandra McClellan, TD SF in Oirthear Chorcaí, le fios don Irish Mail on Sunday.

 

Ar éigean go bhfuil dóthain ansan, a ghearáin sí, chun íoc as an smideadh agus an ghruagaireacht bhreise a bhíonn de dhíth ar Bhan-Teachtaí Dála.

 

Scéal tharam costas an smididh agus a leithéid ach, tá a fhioss agam an méid seo:

Más cáiníocóir thú, ná bí róbhuíoch nó ní hé go dtéann an farasbarr ar n-ais go dtí an Státchiste mar coimeádann an pháirtí é chun cur leis an ngréasán náisiúnta d’oifigí i ngach Dáilcheantar agus a leithéid.

 

Mar sin, faigheann an páirtí isteach is amach le €58,000 ar son gach TD atá aige sa Dáil.

 

Níl cáin san áireamh ansan agus, mar sin, níl sé soiléir cé a íocann an cháin?

 

An íocann an TD cáin ar an €92,672 agus an dtugann sé/sí an farasbarr thar €34,000 tar éis cáin a bheith íoctha ar an bpáirtí?

 

Nó an é an páirtí a íocann an cháin agus a thugann an €34,000 don TD bocht?

 

Cheapfá gur ceist shuarach í sin - agus glacaim leis gur ábhar cineál suarach é tuarastal ár dTeachtaí Dála, ceist a chuireann díospóireacht meánscoile i gcuimhne dhom - ach ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach a bheith cinnte gurb é an Stát - tusa agus mise - a fhostaíonn TD Shinn Féin seachas an pháirtí.  Is don Stát seachas don Pháirtí atá dílseacht gach TD dlite.

 

Ar ndóigh, is é bun agus barr an scéil go gcosnaíonn gach TD ó Shinn Féin an oiread céanna agus a chosnaíonn Teachtaí Dála  ó pháirtithe eile, seachas, b’fhéidir, Mick Wallace agus corr TD eile a bhfuil ‘ceisteanna’ le freagairt acu maidir lena gcuid iompar cánach.

 

Ní miste liom an chostas atá ar Theachtaí Dála SF, fiú mura n-aontaím leo.  Is é sin costas an daonlathais.  Is fuath liom, áfach, an cur i gcéill agus ceilt na fírinne a bhíonn ar bun ag an bpáirtí, go háirithe leithéidí Mary Lou McDonald.

 

Chuala mé í ag maíomh faoi na tuarastail laghdaithe an tseachtain seo chaite arís.  Bhí trath ann nuair ná bíodh idir Shinn Féin agus na páirtithe ‘móra’ ó dheas ach 50 bliain.

 

Tá an bearna sin cúngaithe go mór de réir mar atá fás tagtha ar Shinn Féin agus iad ag druidim isteach i lár an bhóthair go mall ach go cinnte.

 

Bhí díospóireacht agam le fear ó Chúil Aodha le déanaí mar gheall ar Shinn Féin, tráth na hArd-Fheise a bheith ar siúl i gCill Áirne.

 

Dar leis an bhfear seo, bheadh sé go maith dá dtabharfaí seans do Shinn Féin teacht i gcumhacht ó dheas mar go raibh an oiread san de chacstaí déanta ag na páirtithe eile den tír.  Ar éigean go bhféadfainn argóint leis an dara cuid den ráiteas sin.

 

“B’fhéidir go bhfuil an cheart agat,” a dúirt mé le mo dhuine,  “ach ná bí ag súil le difríocht dá laghad má thagann siad i gcumhacht.

 

“Is léir don dall go bhfuil siad, de réir a chéile, ag cur cuma na measarthachta agus na measúlachta orthu féin - agus ní féidir a bheith radacach agus measúil ag aon am amháin.”

 

Dar le hEoghan Ó Néill (Gaelscéal) agus go leor tráchtairí eile atá ag scríobh faoi Shinn Féin agus an reifreann, tá an páirtí ag dul ó neart go neart mar gheall ar an fhreasúra ceannasach atá léirithe acu don ‘status quo’.

 

Fiú dúirt Eoghan Harris (Sunday Independent) go mbeadh na páirtí ag súil le 40 suíochán sa chéad Olltoghchán eile - bíodh is nach mbeidh sin ann go dtí 2016.

 

Más é sin breith na vótóirí, maith go leor.  Ach beidh fanacht fada ar gach éinne má tá siad ag súil le hathrú polasaí an uair sin ó Shinn Féin thar an dream a bheidh istigh rompu.

 

Is mó gearán a chloistear ó urlabhraithe Shinn Féin faoin mbealach críochdheighilteach atá ag an pháirtí a bheith ag cáineadh ciorruithe ó Dheas agus á gcur i bhfeidhm thar teorainn ó Thuaidh.  “Tá ár lámha ceangailte de bharr gur ó Westminster a thagann an deontas,” a bíonn siad a chaoineadh.

 

Dá dtiocfadh Sinn Féin i gcumhacht amárach ó Dheas, cé chomh fada a ghlacfadh sé ar urlabhraithe an pháirtí a bheith ag caoineadh mar gheall ar a lámha a bheith ceangailte ag coinníollacha na hEorpa agus ná raibh ar a gcumas na hathruithe a bhí á bheartú acu a chur i bhfeidhm mar gheall ar chúinsí chostais?

 

Caochadh na súl.  Sin chomh fada. Nó b’fhéidir ‘dhá mheandar’ Eimear Ní Chonghaile ó Nuacht TG4!

 

 Ar ábhar eile ar fad, d’ullmhaíos póstaer ‘Éire Abú’ atá ar fáil ar www.igaeilge.ie chun deis a thabhairt do lucht leanta Euro 2012 na scóranna a líonadh isteach do gach cluiche.   Bhíos ana shásta le mo shaothar - ach má bhí, is fearr arís an jab atá déanta ag Aodhán Ó Deá ó Chlub Chonradh na Gaeilge.  Tá a phóstaer sin ar fáil ag http://www.anclub.ie/ClubChonradhEuro2012beag.pdf

Éire agus Corcaigh abú!

 

Is féidir colún Choncubhair Uí Liatháin, Focail le Gaoth a léamh gach seachtain in Gaelscéal - sna siopaí gach maidin Dé Chéadaoin.