Cén fáth nach bhfuil ag éirí go maith leo?Dé Céadaoin, 20 Meitheamh 2012
Tá díolachán agus brabús na dtithe tábhairne tar éis ísliú le roinnt blianta anuas. Deirtear go bhfuil an locht ar an gcosc ar chaitheamh tobac taobh istigh agus ar na dlíthe a bhaineann le tiomaint faoi thionchar an óil.
Ach céard faoi thithe tábhairne atá i lár na gcathracha, na háiteanna a bhfuil an-chuid iompair phoiblí timpeall orthu agus a bhfuil áiteanna deasa taobh amuigh de dhaoine atá ag iarraidh tobac caitheamh?
Cén fáth nach bhfuil ag éirí go maith leo sin?
“Níor chuir an cosc ar chaitheamh tobac isteach mórán orainne,” a dúirt Michael Kilmartin, ó Barry’s of Douglas i gCorcaigh agus ní dóigh leis gur chuir na dlíthe mar gheall ar thiomáint faoi thionchar an óil isteach air ach an oiread, “de bharr an chórais iompar phoiblí agus na dtacsaithe atá timpeall orainn.”
Chuir an cúlú eacnamaíochta isteach ar obair Mhichael den chéad uair in 2008. Bhí ísliú ar na méid custaiméirí a bhí aige ag an am sin ach d’ardaigh sé arís nuair a d’éirigh daoine níos cleachtaí ar an ísliú pá agus ar an ngearradh siar. Síleann Michael go bhfuil daoine ag ól i mbealach difriúil sna tithe tábhairne anois.
Deir Peggy Vather, oibrí in Doyles i gCathair Bhaile Átha Cliath, gur chuir an cosc ar thobac a chaitheamh isteach orthu toisc nach bhfuil aon spás acu gur féidir le daoine tobac a chaitheamh seachas ar an tsráid. Ach, níor chuir na dlíthe mar gheall ar thiomáint faoi thionchar an óil isteach uirthi de bharr an chórais iompair phoiblí atá sa cheantar.
Deir an bheirt acu gurb iad na siopaí an fhadhb is mó atá acu. Is féidir leo sin alcól a dhíol ag praghas níos ísle ná an bunphraghas sa teach tábhairne agus dá bharr sin, ólann níos mó daoine sa bhaile.
Is féidir canna Bulmers a cheannach i Lidl ar €1.99 agus tá an méid céanna sa channa sin agus atá i bpionta a fhaigheann tú ar idir €4 agus €5 i dteach tábhairne. Is féidir buidéal fíona a fháil in Dunnes ar €8.94, nó níos lú, agus gheobhaidh tú 4 nó 5 gloine as, ach cosnaíonn gloine amháin fíona i dteach tábhairne thart ar €4 nó €5. Is féidir 20 buidéal Budweiser a fháil i Lidl ar €15 ach cosnaíonn ceann amháin i dteach tábhairne thart ar €4 nó €5. Tá na figiúirí mar an gcéanna i ngach uile sórt alcóil. Cosnaíonn canna Guinness €1.99 i Lidl ach cosnóidh pionta thart ar €3 nó €4 sa teach tábhairne.
Deir cathaoirleach Ghrúpa Thionscal na nDeochanna, Éire (DIGI), Kieran Tobin, gur thosaigh an laghdú ar líon na gcustaiméirí i dtithe tábhairne na tíre in 2008.
De réir thuairisc bhliantúil 2010 Chónaidhm Lucht Deochanna Alcóil na hÉireann (ABFI), thit díolacháin na tithe tábhairne 10% an bhliain sin agus dhíoladar 77% da gcuid fíona i siopaí eischeadúnais (off licence) an bhliain chéanna. De réir na tuairisce iomláin, níor tháinig aon fheabhas ar chúrsaí do lucht tithe tábhairne an bhliain sin.
Thit díolachán alcóil sa chéad cheathrú de 2011 de réir an ABFI.
“Ólann daoine ag ócáidí speisialta amháin anois,” a deir Peggy, “roimh an gcúlú eacnamaíochta, chuaigh daoine go dtí an pub i ndiaidh oibre ach anois, téann siad le haghaidh ócáide éigin, imeachta spóirt nó breithlá éigin.”
Ciallaíonn sé sin nach bhfuil daoine ag ól an oiread céanna agus a d’ólaidís cheana.
Rinne an IBA tuairisc in 2010 dar teideal, ‘Irish Beer Market’ a léirigh gur ardaigh díolachán alcóil sna siopaí 4.5% an bhliain sin agus gur thit díolachán sna tithe tábhairne an méid céanna.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh. |