Tóraíocht Taisce na bhFoghlaithe Mara


Dé Céadaoin, 20 Meitheamh 2012

 

Katie McGreal

 

Beidh Tóraíocht Taisce na bhFoghlaithe Mara, ag úsáid léitheoir cód, Quick Read (QR) ar fhón cliste, ar siúl mar chuid d’imeachtaí Rás Aigéin Volvo ar mhaithe le heagraíocht Clann Shíomóin na Gaillimhe ón 30 Meitheamh go dtí 8 Iúil.

 

Is féidir ticéid a cheannach don tóraíocht ó Ionad Chlann Shíomóin ar Bhóthar Thuama ar €10 do theaghlach nó ó www.galwaysimon.ie. Gheobhaidh tú cód QR leis an ticéad agus nuair a dhéanfaidh tú scanadh air leis an léitheoir cód QR i do fhón, gheobhaidh tú leideanna go dtí an chéad chód eile.

 

Beidh ort na cóid ar fad a scanadh isteach i do fhón chun na leideanna eile a fháil agus beidh ceisteanna le freagairt freisin. Beidh téama foghlaithe mara ar na ceisteanna. Gheobhaidh an grúpa nó an duine a fhreagraíonn an méid is mó ceisteanna i gceart duais ag deireadh na seachtaine agus beidh neart crannchuir ar siúl le linn na seachtaine freisin.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Paul ar 091 381835 nó This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .