Deireadh le cur le Briogáid an Iarthair

 

Dé Céadaoin, 20 Meitheamh 2012.

 

Colm Ó Broin

 

MAR chuid den athstruchtúrú ar an Arm, tá sé tugtha le fios ag an rialtas go gcuirfear deireadh le Briogáid an Iarthar, atá lonnaithe i mBaile Átha
Luain. Beidh dhá bhriogáid ag an Arm as seo amach, Briogáid an Oirthir i mBaile Átha Cliath agus Briogáid an Deiscirt i gCorcaigh.

 

Cháin polaiteoirí áitiúla an cinneadh ag rá gur buille don bhaile a bhí ann.

 

Ag freagairt ceiste sa Dáil ó Robert Troy ó Fhianna Fáil an tseachtain seo caite, dúirt Aire Stáit na Ranna Cosanta, Paul Kehoe, go raibh “tuairimíocht dhiúltach” faoi thodhchaí Dhún Chostúim i mBaile Átha Luain ag cothú imní sa cheantar. Cháin sé tuairimíochta go bhféadfaí 600 saighdiúir a bhogadh ón mbaile de bharr an athstruchtúraithe ach dúirt sé go laghdófaí líon na saighdiúirí sa bheairic ó 1,050 go 1,000.

 

Dúirt an Teachta Troy go raibh “an-díomá” air faoi fhreagra an Aire. “Tá níos mó ná 1,400 saighdiúir ceangailte le Dún Chostúim i mBaile Átha Luain, nuair a chuirtear an fhoireann atá ag feidhmiú thar lear san áireamh, ach beidh teorann de 1,000 air sin de réir an Aire Stáit. Bogfar ar a laghad 400 saighdiúir ó Bhaile Átha Luain, agus caillfidh an geilleagar áitiúil €20 milliún de bharr an chinnidh seo.”

 

Dúirt sé gur cur i géill a bhí san athbhreithniú atá ar bun ag an rialtas ar na fórsaí cosanta. “Cén fáth go bhfuil an rialtas i gcoinne na hIarmhí? Dhún siad Dún Mhic Coluim sa Mhuileann gCearr agus atá siad ag ísliú stádais Dhún Chostúim i mBaile Átha Luain,” ar seisean.

 

Cháin Teachta Dála eile ó Longfort-An Iarmhí, James Bannon ó Fhine Gael, an cinneadh chomh maith. Dúirt sé gur drochlá a bhí ann do lár na tíre.

 

“Tá díomá orm go dtógfar Ceathrú Bhriogáid an Iarthair ón gceantar. Ní hé Baile Átha Cliath croílár tireolaíochta na tíre,” arsa sé. Dúirt sé go raibh sé thar am an rialtas deireadh a chur leis an dearcadh go bhfuil Baile Átha Cliath níos tábhachtaí ná an chuid eile den tír.

 

Cháin sé Fianna Fáil chomh maith, áfach, ag rá gur dhún siad Dún Longfoirt agus go raibh sé beartaithe acu an Dún sa Mhuileann gCearr a dhúnadh chomh maith. D’éirigh Teachta Dála an Lucht Oibre, Willie Penrose, as an rialtas anuraidh nuair a dúnadh Dún Mhic Coluim sa Mhuileann gCearr.