An 12ú Lá d’Iúil


11 Iúil, 2012

EAGARFHOCAL 

 

TÁ an tOrd Oráisteach ag iarraidh iad féin a athchruthú mar eagraíocht chreidmheach atá ar son cearta creidimh agus cultúir na bProtastúnach a chaomhnú.

Tá sé seo iontach agus cuirfimid fáilte roimhe sin.


Tá siad ag iarraidh a chur in iúl nach bhfuil iontu ach buíon de sheanfhir atá ag iarraidh siúl chun seirbhísí eaglasta s’acu.


Tá a leithéid ann ar ndóigh, ach tá sé seafóideach iarracht a dhéanamh a chur in iúl gurb é sin amháin atá i gceist leis an Ord Oráisteach.

 

Ní féidir an stair a athscríobh go hiomlán. An chuid is mó dá saol, b’eagraíocht ar son fhorlámhas na bProtastúnach iad agus ní chun cothrom na Féinne a chothú idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh.

 

Ach mar sin féin, má tá siad anois ar son chothrom na Féinne, cuirimis fáilte roimhe sin.


Seans, má tá glactha leis an gcoincheap, go dtuigfear go gcaithfear meas a bheith ann do gach cultúr in Éirinn, cultúr na nGael san áireamh.

 

Ar an 12 Iúil, beidh an tOrd ag máirseáil ar fud an Tuaiscirt.

 

Den chuid is mó, ní chruthóidh sé sin fadhb ar bith, ach i gcorr-áit, beidh siad ina gcnámh spairne idir an dá phobal, faraor.

 

Tá an ceart ag pobail náisiúnacha ágóidíocht a dhéanamh i gcoinne an Oird ar ndóigh, a fhad is go bhfuil sé síochánta.

 

Is mór an trua nach bhfuil an tOrd Oráisteach sásta labhairt le náisiúnaigh áitiúla chun iarracht a dhéanamh a theacht ar chomhaontas maidir leis na mórshiúlta seo.

 

Déanann sé sin a bheag dá gcaint faoi ‘chothrom na Féinne’ agus cuireann sé seanbhiogóideacht an fhorlámhais i gcuimhne dúinn. Mar sin féin, tá roinnt grúpaí náisiúnacha ag baint mí-úsáide as na mórshiúlta seo chun pointí polaitiúla a dhéanamh, ag cruthú fadhbanna nuair nach bhfuil mórán le bheith tógtha faoi ar chor ar bith. 


Níl cúis ar bith leis sin.ach bhfuil mórán le bheith tógtha faoi ar chor ar bith. Ba chóir, más féidir ar chor ar bith, ligint don Ord a gcuid mórshiúlta a bheith acu gan bac agus neamhaird a dhéanamh díobh más gá.

 

I ndeireadh na dála, bheadh an cath ar son ‘cothrom na Féinne’ do chultúr na nGael sna Sé Chontae i bhfad níos easca mura mbeadh Aontachtóirí ábalta a rá go mbíonn baic ar chultúr s’acu féin.

 

Níl sé éasca a bheith ag amharc ar dhaoine ag ceiliúradh a mbua ort, ar do phobal, ag ceiliúradh cath a chuir deireadh le saoirse creidimh in Éirinn agus a chuir cultúr na tíre faoi chois.

 

Ach in amanna, caithfidh muid cur suas le rudaí nach dtaitníonn linn.

 

Sin an éagsúlacht, agus sin an Éire nua, an glas, an oráiste agus, táthar ag súil, an bán eatarthu.