Rinne ‘Peig’ dochar don Ghaeilge?

12 Iúil, 2012

 

Ciarán Dunbar, eagarthóir

 

Dúirt an TD Dara Calleary, Fianna Fáil sa Dáil inniu, le linn díospóireachta ar an Bhille Gaeltachta, go ndearna ‘Peig’ “dochar uafasach” don Ghaeilge.

 

Is doiligh a thuigbheáil conas a rinne an sar-scéalaí Gaeilge í féin an “dochar” seo, glacaimid go raibh sé ag caint ar an leabhar ‘Peig’.

 

Bhí an leabhar seo ar shiollabas na Gaeilge le blianta – arís agus arís eile, cuirtear an milleán do mheath na Gaeilge ar an leabhar sin é féin, ní ar an imirce, ar an bhochtanas nó ar easpa cearta teanga ach ar an leabhar, nó níos measa arís, in amanna, ar an bhean í féin.

 

Bíonn daoine a rinne an Ghaeilge ar scoil i dtréimhse nach raibh ‘Peig’ ar an tsiollabas níos mó ag gearáin faoi “dochar” seo fiú!

 

Ach an bhfuil sé cothrom locht a fháil ar Pheig í féin?

 

Agus an leabhar féin – an bhfuil sé léite ag duine ar bith agaibh? An bhfuil sé chomh olc sin nó an bhfuil fiúntas éigin ann?

 

An féidir le duine ar bith breithiúnas a dhéanamh air gan é a bheith léite?

 

Nó an é nach bhfuil i gceist ach 'cliché' falsa?