Bás in Éirinn (May You Die in Ireland)

 

Dé Chéadaoin, 15 Iúil, 2012

 

Iontaobhas Ultach, £10, In eagar ag Aodán Mac Póilin agus Róise Ní Bhaoill

 

Léirmheas le Marcus Mac Dhonnagáin


I réamhrá Bás in Éirinn (May You Die in Ireland) míníonn Aodán Mac Póilín an phríomhchúis gur chuir sé féin agus Róise Ní Bhaoill an leabhar seo i dtoll a chéile; le taispeáint don domhan go bhfuil scoth na ngearrscéalta ar fáil sa Ghaeilge.

 

Déanann Mac Póilín tagairt don úrscéalaí Bhaile Átha Cliathach Anne Enright, agus an méid a scríobh sí ina réamhrá do The Granta Book of the Irish Short Story faoi “the acknowledged, if mysterious, talent of the Irish as short-story writers.”

 

“But only,” a deir sí, “if they write in English..”

 

Sampla eile a luann Mac Póilín faoi aineolas na mBéarlóirí ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge ná an chaoi nár chuir an Sunday Tribune, (nach bhfuil ann a thuilleadh,) oiread agus litir admhála chuig Mícheál Ó Conghaile nuair a chuir se gearrscéal faoi bhráid an Irish Writing Page in 1996.

 

Ach nuair a sheol Ó Conghaile an scéal céanna isteach an bhliain dár gcionn, agus é aistrithe go Béarla, bhuaigh sé an Gradam Hennessy agus duais Scríbhneoir Óg na Bliana 1997, lena chois.

 

Is léir mar sin go bhfuil Bás in Éirinn ag iarraidh an dearcadh nach fiú aird a thabhairt ar scríbhneoireacht na Gaeilge a shéanadh – dearcadh thar a bheith seafóideach agus amaideach, ar ndóigh.

 

Léiríonn Bás in Éirinn a phointe trí na gearrscéalta a roghnaigh an dá eagarthóir agus an chaoi a leagann siad an leabhar amach.

 

Roghnaigh Mac Póilín agus Ní Bhaoill seacht gcinn de ghearrscéalta ó scríbhneoirí éagsúla, scríbhneoirí a bhfuil cáil orthu i saol litríocht na nGaeilge.

 

Tá scéalta ann ó dhaoine mar Pádraic Ó Conaire, Seosamh Mac Grianna agus Liam Ó Flaithearta.

 

Ach ionas go mbeidh Anne Enright agus a cairde in ann an leabhar a léamh agus a thuiscint, tá an bunleagan Gaeilge ar an leathanach clé agus aistriúchán Béarla ar a aghaidh amach.

 

Úsáidtear an struchtúr seo i leabhair dhátheangacha eile idtíortha eile agus is struchtúr an-éifeachtach é, mar go ligeann sé duit an scéal a léamh i nGaeilge, i mBéarla nó i meascán den phéire acu.

 

Ciallaíonn an struchtúr chomh maith go bhfuil réimse leathan daoine in ann sult a bhaint as na scéalta, go háirid daoine atá ag foghlaim na teanga, daoine a bhfuil meirg ar a gcuid Gaeilge nó fiú scoláirí meánscoile.

 

Tá na haistriúcháin, den chuid is mó, an-mhaith. Téacs casta go maith é An tSochraid Cois Toinne ach d’éirigh leis an aistritheoir na híomhánna casta atá ar fáil ann a thabhairt leis:

 

“Bhí aithne agam féin air: is eol dom nár stróc sé i gcath, nár shil sé deoir ar bhás a chomrádaithe a maraíodh lena thaobh ach anseo i measc a mharbh féin sa reilig cois mara, ní fhéadfadh páiste a bheith níos boige.”

 

“I knew him: I knew he had not stinted in battle, that he had not shed a tear for the comrade  who had fallen by his side, but today, here among his own dead in this graveyard by the sea, a child could not have been more vulnerable.”

 

Tá laige nó dhó i gcorr-áit sna haistriúcháin, ach ní mórán iad.

 

Ach céard faoi na scéalta féin? An téama a shníonn trí gach scéal ná an bás, téama a phléitear i scéalta áirithe ar bhealaí i bhfad níos spéisiúla ná mar a dhéantar i gcinn eile.

Ar bhealach amháin, tá sé beagáinín íoróineach téama an bháis a úsáid leis an mbeocht i saothrú ghearrscéalaíocht na Gaeilge a léiriú.

 

Míníonn Mac Póilin go bhfuil an bás i gcroílár go leor scéalta i nGaeilge. Deireann sé chomh maith nach bhfuil mórán scéalta Gaeilge ann a dhéileálann leis an gcumhacht mar théama.

 

B’fhéidir gurb é an chúis atá leis sin ná nach raibh mórán cumhachta polaitiúil ná stádais i dtéarmaí saolta ag na Gaeil agus gur scríobh siad faoi théamaí a bhí i bhfad níos tábhachtaí ina saol – maireachtáil ó lá go lá, cúrsaí grá, agus cúrsaí báis.

 

Is iad na píosaí ba mhó a thaitin liom ná na scéalta lán d’íomhánna éagsúla a chuir go mór lena dtéama.

 

I ngearrscéal Sheosaimh Mhic Ghrianna, ‘Ar an Tráigh Fholamh’, cuireann Mac Grianna síos ar an aistear a dhéanann fear i rith Aimsir an Ghorta ón trá go dtí an reilig, agus é ag iompar coirp ar a dhroim.

 

Chuirfeadh an t-atmasféar dorcha agus na daoine ocracha úrscéal iarapacailipteach Cormac McCarthy,’ The Road’, i gcuimhne duit.

 

Scéal iontach eile sa leabhar ná ‘An Beo’ a scríobh Liam Ó Flaithearta. Is scéal álainn é, ina ndéanann Ó Flaithearta comparáid idir an bhreith agus an bás agus na cosúlachtaí atá eatarthu.

 

Tá scéal nó dhó nach bhfuil ar an gcaighdeán céanna. Is scéal siamsúil é ‘Grásta ó Dhia ar Mhicí’ le Séamus Ó Grianna, ach seachas sin ní bheidh tú ag déanamh mórán machnaimh air tar éis duit é a léamh.

 

Thairis sin, is bailiúchán an mhaith é Bás in Éirinn a thaispeánann go bhfuil gearrscéalta cumasacha ar fáil i nGaeilge.

 

Beidh réimse leathan daoine, ó Ghaeilgeoirí líofa go daoine nach bhfuil acu ach corrfhocal, in ann sult a bhaint as gach uile scéal.