Tá caint saor, cuir airgead ar an mBille Gaeltachta

 

Dé Céadaoin, 18 Iúil 2012.

 

Colm Ó Broin

 

Tá an Bille Gaeltachta rite ag an Dáil anois gan leasú ar bith déanta ar an reachtaíocht, atá tar éis go leor cáinte a tharraingt.

 

An cheist is mó atá ag na heagraíochtaí pobail a bheas ag cur na gné is tábhachtaí den bhille seo i bhfeidhm, an phleanáil teanga, ná an mbeidh airgead ar fáil chun é seo a dhéanamh.

 

Ón méid a bhí le rá ag Aire Stáit na Gaeltachta le Gaelscéal ní bheidh airgead breise ar fáil don phleanáil teanga atá in ainm is a bheith ina shlánaitheoir don Ghaeltacht. In agallamh leis an nuachtán seo, dúirt Dinny McGinley go raibh sé dóchasach go mbeadh an tÚdarás agus an Roinn in  ann tús a chur leis an bpróiseas laistigh de na hacmhainní reatha atá acu.

 

Is é sin, nach mbeidh aon mhaoiniú breise ar fáil agus beidh ar an Údarás agus ar na heagraíochtaí pobail na pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm leis an airgead atá acu faoi láthair, airgead atá ag laghdú de réir a chéile. Dúshlán ollmhór a bheas anseo.

 

Más dúshlán ollmhór a bheas ann do na ceantair Ghaeltachta, céard faoi na ‘Bailte Seirbhíse Gaeltachta’? Seo bailte ar nós an Daingin, an Clochán Liath, Dún Garbhán agus Béal an Mhuirthead ina bhfuil oifigí comhairle, oifigí stáit, siopaí agus seirbhísí eile a mbíonn pobal na fíor-Ghaeltachta ag brath orthu.

 

Is féidir iomlán an ailt seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo.