Níl Luimneach ag taisteal go Staid Tom Semple chun an coinne a chomhlíonadhDé Chéadaoin, 25 Iúil, 2012
John Allen
Bhuel, tá sé fhoireann fágtha i gcomórtas Mhic Cárthaigh agus i ndiaidh chluichí na deireadh seachtaine ní bheidh ach ceithre cinn ina mbeatha.
Leath slí tríd na cluichí sraithe bhíomar cinnte faoi cheithre chontae ach bhí sé deacair, i mo thuairim seans a thabhairt do Phort Láirge nó Luimneach a bheith fós ina seasamh.
Ach tá siadsan fós ann agus Baile Átha Cliath agus seaimpíní Roinn 1B, an Clár, imithe.
An ceist mhór ná an mbeidh siad ann i ndiaidh an Domhnaigh beag seo.
Tosaíonn an féasta iomána ag a 2.00 i nDurlas le teacht le chéile Chorcaigh agus na Déise.
I gCraobhchluiche na Mumhan thaispeáin na Déise go bhfuil mianach iontu fós go háirithe na sheanfhondúirí, leithéidí Brick Walsh, Tony Browne, Seamus Prendergast agus John Mullane.
Thaispeánadar, freisin go bhfuil spiorad iontu.
Tá sé deacair go leor Corcaigh a thomhas. Chuadar ó neart go neart sna cluichí sraithe, go dtí an cluiche ceannais. Bhíodar maith go leor i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais Mumhan ach ní rabhadar thar mholadh beirte sna cluichí cáilithe.
Ceapaim go bhfuil fadhb acu leis an ionad lánchúil. D’imir Stephen McDonnell ann sna cluichí sraithe ach baineadh amach é sa Chraobh. Ó shin, d’imir Shane O’Neill, Brian Murphy agus an t-ógánach, Damian Cahalane, ann.
Taispéanann sé sin an éiginnteacht atá ag an mbainistíocht faoi gheansaí uimhir a trí. Tá an éiginnteacht chéanna ag baint le lár na páirce, áit ar imir Patrick Cronin agus Lorcán McLoughlin an lá deireanach i gcoinne Loch Garman.
Tá tosaithe tapa, sciliúla éadroma acu (taobh amuigh de Niall McCarthy) agus ceapaim nach bhfaighidh siad mórán spáis ó chúlaithe na nDéise.
Is féidir an chuid eile den alt seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo. |