Ginmhilleadh: An cheist is conspóidíDé Chéadaoin, 1 Lúnasa, 2012 Gaelscéal na seachtaine seo ...
Tá agallamh againn an tseachtain seo le Sinéad Ahern ó Choice Ireland, grúpa atá ag iarraidh ginmhilleadh a dhéanamh dlíthiúil in Éirinn.
Tá sí ag súil go molfaidh an grúpa saineolas ar chás ABC go mbeidh mná in ann ginmhilleadh a fháil má tá a saol i mbaol.
Ní leor seo de réir Choice Ireland, tá siad ag iarraidh ginmhilleadh gan srian gan teorainn téarma a dhéanamh dlíthiúil.
Dhiúltaíonn sí gur ionann ginmhilleadh agus dúnmharú. Luann sí cúpla sampla i dtaobh na hargóna seo – ní chuirtear mná a fhaigheann ginmhilleadh i bpríosún, ní chomhairítear féatais sa daonáireamh agus ní íoctar liúntas leanaí chuig mná atá ag iompar.
An príomhscéal atá againn ná go bhfuil garríodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall, Dónall Ó Cnáimhsí, ag diúltú glacadh le hordú óna fhostóir, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, staonadh ó ráitis phoiblí mar iondadaí de chuid an ghrúpa Guth na Gaeltachta.
I measc na n-ábhar eile atá againn an tseachtain seo tá alt le Conall Ó Móráin a cháineann clár John Bowman, Battle Stations, a mhaígh go raibh comhcheilg ar bun ag ‘Gaeilgeoirs’, athair Chonaill ina measc, ag iarraidh ‘iallach’ a chur ar RTÉ níos mó clár Gaeilge a chraoladh siar sna 1960í.
Tá alt ag Seán Ó Tuairisg faoin gcogadh cathartha sa tSiria agus ceann ag Eoghain Ó Néill faoi léirsithe polaitiúla ag na Cluichí Oilimpeacha chomh maith.
|