Cad faoin gcogadh eile?Dé Chéadaoin, 8 Lúnasa, 2011
EAGARFHOCAL
TÁ cogadh cathartha na Siria i mbéal an phobail mar is ceart dó a bheith ach tá cogadh eile ag dul ar aghaidh béal dorais sa Tuirc le breis agus 30 bliain agus ní raibh sé riamh i mbéal an phobail – ach ba cheart dó a bheith.
Istigh sa Tuirc, nó sa chuid sin den Chordastáin atá sa Tuirc, tá cath fíochmhar á throid le breis agus coicís idir rialtas na Tuirce agus reibiliúnaigh Coirdíneacha.
Tá héileacaptair agus eitleáin chogaidh á n-úsáid ag na Tuircigh – go díreach mar atá siad á n-úsáid ag rialtas na Siria.
Tá buairimh ann faoin daonra sibhialtach sa cheantar ach níltear ag ligin aon duine isteach chun a gcás sin a fhiosrú.
Cad é an difear idir an choimhlint seo agus an ceann sa tSiria? Cén fáth nár chuala tú trácht ar an gcogadh seo? Cén fáth nach bhfuil sé i mbéal an phobail?
An é nach bhfuil an cogadh idir na Coirdínigh agus an Tuirc brúidiúil go leor do na meáin?
Ní hé, tá míniú simplí ar an scéal, tá an Tuirc ina ball de NATO, tá Siria cairdiúil leis an Rúis.
Sin an difear.
Is fíor go bhfuil an PKK (Páirtí Lucht Oibre na Cordastáine) i mbun cogaidh i gcoinne na Tuirce. Is fíor go meastar mar sceimhlitheoirí iad sa Tuirc, in NATO, sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach.
Mar sin féin, séantar cearta ar na Coirdínigh sa Tuirc, cearta teanga go háirithe. Mar shampla, d’ainneoin gur cainteoirí dúchais Coirdíse iad 11% de dhaonra na Tuirce, ní cheadaítear oideachas trí mheán na teanga sin.
Caithfear a admháil, áfach, gur tháinig maolú ar iarrachtaí na Tuirce an teanga a scrios le blianta anuas.
Mar sin féin, maireann an leatrom go fóill agus ba cheart don Tuirc a cogadh ar chultúr na gCoirdíneach a stopadh láithreach bonn.
Is ceap magaidh a mheas go bhfuil an Tuirc ‘réidh’ do bhallraíocht san AE, ach ar ndóigh, ó thaobh teangacha de agus cearta teanga, níl an Ghréig ná an Fhrainc mórán níos fearr ná an Tuirc ina leith sin ach an oiread. |