Má imríonn Gaillimh mar a d’imir i gcoinne Chorcaigh, ní bhainfidh siad aon Chraobh!Dé Chéadaoin, 15 Lúnasa, 2012
John Allen
Bhuel tá rud amháin cinnte sa domhan iomána i mbliana agus is é sin nach mbeidh an Craobh Sinsir idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile.
Ar ndóigh tá Gaillimh ag feitheamh ar thoradh chluiche an Domhnaigh seo chugainn idir an dhá fhoireann is fearr sa tír le cúpla bliain anuas agus an cheist mhór anois ná cé a bheidh sa Chluiche Ceannais leo.
Is iontach an rud go bhfuil fir an iarthar ar ais sa Chluiche Ceannais. agus an uair seo níl siad ag dul isteach ann ar dhrom taispeántais iontach sa leathchraobh.
In 2005 chuadar isteach sa Chraobh i ndiaidh bua éachtach ar na Cait ach theip orthu ag an gcliath deireanach mar a tharla go minic cheana.
An Domhnach seo chaite, d’fhéach siad sórt in ísle brí sa chéad leath ach fós bhíodar ar chomhscór ag leath-am.
Nuair a thosaigh an dara cuid den cluiche d’imríodar lena bhfad níos mó fhuinnimh agus féinmhuiníne. Bhíodar i bhfad níos fearr ná Corcaigh ar fud na páirce agus chríochnaíodar go láidir.
Mar sin féin, ní bhuafadh a leithéid de thaispeántas an Chraobh.
Is féidir an chuid eile den cholún seo a léamh in Gaelscéal na seachtaine seo. |