Tesco ag machnamh ar scipéid Ghaeilge

 

Dé Céadaoin, 24 Deireadh Fómhair 2012.

 

Colm Ó Broin

 

TÁ an comhlacht ollmhargadh Tesco ag machnamh ar rogha Gaeilge a chur ar fáil ag na scipéid féinseirbhíse (selfservice checkouts) ina gcuid siopaí. Dúirt Oifigeach Caidreamh Pobail an chomhlachta nach mbeadh scéal cinnte acu go ceann roinnt míonna, áfach.

 

“Tá muid ag breathnú air faoi láthair ach níl amscála ar bith againn,” arsa Michael O’Sullivan. “Tá muid ag déanamh machnamh air le tamall. Tá muid beagáinín cosúil leis an tseirbhís phoiblí, ní dhéanann duine amháin an cinneadh agus ní tharlaíonn rud ar bith thar oíche. Caithfear pleanáil cheart ar dhéanamh ar gach rud agus caithfidh sé cloí le sonraíocht an dearaidh.”

 

Thosaigh an t-aistritheoir Seán Ó Buachalla feachtas ar Facebook le tacú leis an moladh agus tá 851 leantóir aige faoi láthair. Tá Ó Buachalla dóchasach faoin bhfeachtas i gcónaí.

 

“Creidimse go bhfuil rudaí ar siúl agus go mbeidh dul chun cinn ar an gceist go luath,” ar seisean.

 

Bhí scéal níos dearfaí ag O’Sullivan i leith comharthaíocht dátheangach de. Tá tuairisc ullmhaithe aige maidir leis an ábhar agus cuirfear é sin faoi bhráid Phríomhfheidhmeannach Tesco Ireland, Tony Keohane, i gceann coicíse nó mar sin. Tuigtear do Ghaelscéal go bhfuil Keohane báúil don mholadh.

 

Dúirt O’Sullivan gurb iad Tesco an t-aon slabhra ollmhargaidh náisiúnta sa tír a úsáideann an Ghaeilge i ngach siopa dá gcuid.