Mise, Gaeilge Uladh, agus an Caighdeán, nó: Triantán Grá na Gaeilge


21 Samhain ,2012

 

Panu Petteri Höglund

 

Nuair a thosaigh mé ag breacadh síos scéalta Gaeilge an chéad uair thiar sna déaga is ceithre scór, bhí mé go mór mór faoi thionchar cairde ó Chúige Uladh agus iad dianbharúlach nach raibh maith ar bith sa Chaighdeán Oifigiúil mar Ghaeilge.

 

Ó bhí mé féin in ann Gaeilge na Galltachta a aithint thar Ghaeilge na Gaeltachta cheana féin san am, bhí sé de chlaonadh ionam aontú leo. Thairis sin  thug mé taithneamh agus teasghrá do Ghaeilge Uladh i ndiaidh dom an dá imleabhar de scéalta le Séamus Ó Grianna a léamh a tháinig i gcló sa chéad leath de na nóchaidí ón nGúm, Cora Cinniúna a haon agus a dó.

 

Rinne Séamus Ó Grianna na súile dom i leith na dea-Ghaeilge, agus ba é an cinneadh a ghlac mé ansin ná an dea-Ghaeilge sin a chleachtadh a fhad agus a thiocfadh liom. Sa bhliain 1996 a tharla sin.

 

Chaith mé deich mbliana ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Ghaeilge na scríbhneoirí móra Ultacha cosúil le Jim agus Joe Fheidhlimí, Seán Bán Mac Meanman agus araile, agus mise ag déanamh mo dhichill ag baint úsáide as na focail agus na teilgeanacha cainte a phioc mé liom ag déanamh staidéir ar a gcuid saothar.


Ar ndóigh ba scoth ama é i saol an Ghaeilgeora óig, ach nuair a bhí tréimhse chomh fada sin caite agam i mbun an Ultachais seo, d'fhág mé slán agus beannacht ag Gaeilge Uladh, agus chuaigh mé leis an gCaighdeán Oifigiúil go prionsabálta.

 

Ar ndóigh ní hionann sin is a rá go dtabharfainn urraim neamhchriticiúil do gach gné de, nó is gnách liom úsáid a bhaint as foirmeacha coibhneasta na mbriathar (cosúil le “a chaithfeas”, “a ghabhas”) i gcónaí, mar a dhéantar i nGaeilge Uladh agus i nGaeilge Chonnacht araon, mar shampla – nuair is dóigh liom nach bhfuil an dian-Chaighdeánachas ag cloí le “fíor-Chaighdeán” na Gaeltachta nó leis an tuiscint atá agam féin don dea-Ghaeilge, ní leasc liom scinneadh uaidh.

 

San am chéanna, áfach, glacaim leis go bhfuil an Caighdeán, mar atá sé leagtha amach i ngraiméar na mBráithre Críostaí, - go bhfuil sé bunaithe ar thogha agus rogha na Gaeilge dúchasaí, agus go bhfuil cuid mhór den íde bhéil a thugtar don Chaighdeán san éagóir.

 

Mar a dúirt Ciarán (eagarthóir an tseachtanáin seo) liom nuair a choimisiúnaigh sé an aiste seo, bhí mé i mo laoch ag a lán agus mé ag cur Ghaeilge Uladh chun cinn, agus is eagal liom go bhfuil mé i mo thréatúir agus i mo chúl le cine, nó i mo chúl le canúint ab fhearr a rá, ag na daoine céanna anois, agus mé ag cleachtadh an Chaighdeáin. Mar sin, is mithid dom a mhíniú cén fáth a ndearna mé tiontú Phóil ar bhóthar na Damaisce i leith na gcúrsaí seo.


Cuirim an chuid is mó den locht ar bheirt fhear chomh mór le rá le Máirtín Ó Cadhain agus Breandán Ó Buachalla, go háirithe ar agallamh le Breandán a chuaigh i bprionta ar an Irish Times fadó agus ar cheann de na haistí le Máirtín a foilsíodh faoi chlúdach an leabhair úd “Ó Cadhain i bhFeasta”. Níl ceachtar den dá théacs in aice láimhe agam anseo agus mar sin ní mór dom an úimléid iontu a chur in iúl mar a thuigtear dom inniu í.

 

Dúirt Breandán go raibh na scoláirí Gaeilge an iomarca faoi thionchar na focleolaíochta Gearmánaí (Philologie, philology is ciall don fhocal mór sin “focleolaíocht” – sílim, áfach, gurb é “fileolaíocht” an téarma a bhí ag Breandán) agus go raibh an tionchar sin le haithint ar léann na Gaeilge go léir. Is é an chiall a bhainfinn as seo ná go bhfuil neamhshuim déanta de staidéar na comhréire i léann agus i múinteoireacht na Gaeilge.

 

Ba iad na focail agus na foirmeacha díochlaonta agus réimnithe ba mhó a bhí ag déanamh scime do lucht na focleolaíochta Gearmánaí, chomh maith leis an dóigh ar athraigh na focail i rith na gcéadta bliain. Tá an cur chuige seo ceart go leor má táthar ag iarraidh taighde a dhéanamh ar fhorbairt stairiúil na teanga, ar na lámhscríbhinní a bhfuil seacht gceintiméadar dusta agus deannaigh bailithe orthu i rith na gcéadta bliain, ach is é príomhchuspóir na gluaiseachta Gaeilge an teanga a chur ar ais i mbéal na ndaoine agus í chomh cosúil le seanteanga na Gaeltachta agus na scríbhneoirí maithe comhaimseartha agus is féidir. Tá modhanna oibre de chineál eile de dhíth mar sin.

 

Agus mé ag iarraidh Gaeilge Uladh a fhoghlaim chomh foirfe agus a d'fhéadfainn, tháinig mé trasna ar théacsanna sa chanúint sin nach bhfuair mé sásúil ó thaobh na teanga de. Is éard a bhí i gceist ná saothar le scríbhneoirí nár chainteoirí dúchasacha iad, nó aistriúcháin ar leabhair Bhéarla a raibh aithne na deifre is an driopáis orthu cé gur fear Gaeltachta a rinne an obair. Ar an gcomhréir is mó a bhíos an neamhdhúchasaíocht sin le haithint, is é sin, ar an dóigh a mbíonn na focail ag brath ar a chéile agus ag teacht sna sála ag a chéile, ar dhul ceart (nó mícheart) na bhfocal.


Go nuige sin, bhí sé de chlaonadh ionam a shíleadh gurbh ionann a bheith ag scríobh i gcanúint agus a bheith ag scríobh teanga a mbeadh blas na dúchasaíochta uirthi ó thaobh gach gné den teanga de, an chomhréir agus an friotal san áireamh. Tháinig an tuiscint agam, áfach, go raibh sé indéanta, faraor géar, droch-Ghaeilge a scríobh cé go raibh cuma na canúna ar na focail agus ar na foirmeacha gramadúla: má bhí blas an aistriúcháin ar an gcomhréir, níor leor iad na gnéithe eile le cuma na dea-Ghaeilge a fhágáil ar an téacs, más ionann “dea-Ghaeilge” agus an cineál Gaeilge ar féidir leat sult a bhaint aisti mar lón léitheoireachta agus tú i dtaithí na stíle dúchasaí.

 

Más féidir droch-Ghaeilge a scríobh agus cuma na canúna uirthi, is féidir dea-Ghaeilge a scríobh gan scinneadh ón gCaighdeán Oifigiúil. Ní ar an gCaighdeán atá an locht, ach ar an droch-chomhréir. Scéal eile é gur leis an gCaighdeán is mó a ghabhas an droch-chomhréir sin, ós rud é gurb iad na cainteoirí neamhdhúchais is mó a chleachtas an dá rud. Mar sin féin, is é an tátal a bhain mé as seo gurbh é an Caighdeán an cineál Gaeilge nach bhfuair a ceart riamh ó na scríbhneoirí ná ón lucht díospóireachta, gurbh é an Caighdeán an cineál Gaeilge ba mhó a bhí i gcall tuilleadh forbartha agus tuilleadh tionchair ó Ghaeilge na gcainteoirí dúchais.

 

Is gnách le lucht an chanúnachais a áitiú go bhfuil a gcanúint féin faoi leatrom ag lucht an chaighdeáin. Mé féin, is é mo thuairim-se gurb é an Caighdeán atá faoi leatrom ag lucht an chanúnachais (a ghlacas leis mar phrionsabail nach bhfuil maith ar bith sa Chaighdeán) agus ag lucht an chaighdeánachais araon (agus iad chomh dall ar Ghaeilge na Gaeltachta is nach dtagann teilgeanacha cainte agus comhréir na teanga dúchasaí go réidh leo).

 

Maidir le Máirtín Ó Cadhain, is é a dúirt seisean, de réir mar is cuimhin liom, ná go raibh sé ag iarraidh feabhas éigin a chur ar an teanga lena chuid scríbhneoireachta agus go raibh súil aige an teanga a fhágáil ní b'fhearr ina dhiaidh ná mar a fuair sé roimhe í. Cé go raibh blas a chanúna féin ar gach dár scríobh sé, chuir sé in iúl go raibh sé míshásta leis an gcineál glanchanúnachais nár ghlac le tionchar ar bith ó na canúintí eile.

 

A leithéid de ghlanchanúnaí, ní bheadh sé sásta, dar leis an gCadhnach, an focal Gaeilge úd “rialacha” a úsáid toisc gur é “rules” a bhíodh ag a mhuintir féin riamh nuair a bhí sé féin ina leanbh i gCorca Dhorcha ag súgradh sa ghríosach os comhair na tine. Bhuel, b'fhéidir nach mar sin a chuir sé i bhfocail é, ach tuigeann sibh an rud atá mé a mhaíomh. Ní ghlacfadh a leithéid de ghlanchanúnaí leis na téarmaí nuachumtha ach an oiread: chloífeadh sé leis na hiasachtaí amha Béarla, ós cuid de chaint na ndaoine iad. Uaireanta d'fheicfeá samplaí de seo ag Séamus Ó Grianna, agus é ag tabhairt “gnóthaí politics” ar an “bpolaitíocht”, toisc nach raibh an focal nuacheaptha sin ag aon duine i nGaeltacht a óige.


Mar is eol don duine a bhfuil saothar Mháirtín Uí Chadhain léite aige, cé go raibh a stíl féin ar maos le canúnachas a cheantair féin, bhí sé breá sásta téarmaí nuachumtha nua-aimseartha agus focail is teilgeanacha cainte ó chanúintí eile a úsáid de réir mar a theastaigh siad uaidh. Mar sin, a bhí sé ag cur feabhais ar an teanga: bhí sé ag iarraidh an cineál Gaeilge a chleachtaí sa litríocht a shaibhriú, agus ba chuid den tsaibhriú seo go raibh sé ag iarraidh slabhraí an chanúnachais chúing a scaoileadh den teanga.


Bhí a fhios ag Máirtín Ó Cadhain gramadach cheart na teanga de réir a chanúna féin. Sinne, na cainteoirí neamhdhúchais, áfach, níl againn ach pé tuiscint a fuair muid ar an teanga trí staidéar a dhéanamh uirthi ar bhealaí éagsúla. Tá crann taca éigin de dhíth orainn le tuiscint réasúnta sásúil a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an teanga, agus is é mo thuairim féin nach bhfuil an Caighdeán go ródhona mar mhaide croise den chineál seo. An té a bhfuil a fhios aige níos fearr ná ag ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin cad is dea-Ghaeilge ann, cosúil le Máirtín Ó Cadhain nó Séamus Ó Grianna, is léir gurb acmhainn dó neamhshuim a dhéanamh den Chaighdeán, ach is dócha nach bhfuil an t-ádh sin ar an gcuid is mó againn, na foghlaimeoirí.

 


Thairis sin, caithfidh muid ár marana a dhéanamh ar an rud is caighdeán ann. Má chaithimid súil ar an dóigh ar caighdeánaíodh na teangacha náisiúnta ar fud na hEorpa, mar shampla, is dócha gurbh í teanga labhartha osréigiúnda na gcainteoirí buirgéiseacha sna cathracha ba mhinice ba bhun leis an gcaighdeán, sin nó teanga na gcainteoirí ab airde oideachas. Go hiondúil, bhí an caighdeán sin ciotach ciotrúnta ar dtús, agus na mórtheangacha ag imirt a dtionchair air. Le teacht na litríochta náisiúnta, an Rómánsachais agus an Réalachais, áfach, fuair caint na ndaoine, caint na tuaithe ach go háirithe, greim ar an teanga scríofa, ionas gur tháinig blas ní ba nádúrtha ar an gcaighdeán.

 

Forbairt é seo is féidir a aithint ar stair a lán teangacha caighdeánacha in Oirthear na hEorpa, cé nach bhfuil anseo, ar ndóigh, ach achoimre shimplithe. Ar ndóigh bhí an-bhruíon ann in áiteanna faoin gcineál canúna ba chóir a roghnú mar dhúshraith don teanga scríofa: cuireadh “cogadh na gcanúintí” anseo agus ansiúd. Go tipiciúil, ba é ba toradh an chogaidh sin ná gur tháinig focail agus teilgeanacha cainte nua isteach sa teanga scríofa ó chanúintí éagsúla, cé nár hathraíodh deilbhíocht na teanga mórán. San Fhionlainn, mar shampla, bhí an caighdeán bunaithe ar chanúintí an Iarthair, agus iad go mór faoi thionchar na Sualainnise.

 

Nuair a bhreac Elias Lönnrot síos na laoithe in Oirthear na tíre as ar fháisc sé eipic náisiúnta na Fionlainne, áfach, d'fhairsing sé dúshraith chanúnach na teanga scríofa. Fuair lucht léite agus scríofa na teanga blas ar theanga an Oirthir, agus b'iomaí focal ón taobh sin tíre a chuir ruaig ar fhocal iasachta a bhí in úsáid go nuige sin.

 

(Scéal eile, ar ndóigh, gur focal iasachta ón Rúisis, seachas ón tSualainnis, a bhí i gceist lena lán de na focail nua seo, ach ó chuaigh córas fuaimeanna na Fionlainnise i bhfeidhm orthu, níor aithin na hintleachtóirí Fionlannacha an bunús coimhthíoch, agus san am sin ní raibh siad ró-eolach ar an Rúisis ach an oiread.)Is é an cineál seo forbartha ab fhearr liom féin a fheiceáil i gcleachtadh scríofa na Gaeilge.

 

Tá an Caighdeán sách maith mar atá sé, agus cé go bhfaigheann lucht an chanúnachais locht air toisc nach bhfreastalaíonn sé ar gach gné dá gcanúint féin, níl sé coiscthe orainn na teilgeanacha cainte ná an chomhréir nádúrtha a úsáid a d'fhoghlaim muid ó na scríbhneoirí maithe agus ó na seanchaithe ag léamh a saothair siúd. Is féidir linn teanga chaighdeánach a scríobh gan “dul ceart na Gaeilge”, mar a chleacht na seanchaithe é, a chur as a riocht.

 

Sin é an tuige, go bunúsach, gur roghnaigh mé an Caighdeán, i ndiaidh an iomláin. D'aithin mé an poitéinseal atá ann don scríbhneoir cruthaitheach, agus é eolach ar litríocht dhúchasach na gcanúintí go léir. Teastaíonn uaim an mot juste, an focal ceart, a úsáid mar a ritheas sé liom, gan é a chur ó dhoras toisc nach cuid den chanúint cheart é.

 

Agus sin é an fáth a bhfuil caighdeán againn – is é a cheadaíos dúinn a mhór a dhéanamh dá bhfuil de Ghaeilge againn.