Laghdú ar na botúin ag teastáilAoine, 11 Márta 2011
Ó 1985, tá 12 cluiche imeartha idir Éire agus an Bhreatain Bheag in Cardiff agus as na cluichí sin ar fad, chríochnaigh Éire chun cinn deich n-uaire, chríochnaigh cluiche amháin ar comhscór agus chaill Éire aon chluiche amháin. B’shin 2005 nuair a bhuaigh an Bhreatain Bheag an ‘Grand Slam’. I gComórtas na Sé Náisiún go dtí seo, ar bhealach, is mar an gcéanna an bóthar a thaistil an dá fhoireann sa chomórtas mar go bhfuil dhá chluiche buaite ag an dá fhoireann agus cluiche amháin caillte acu chomh maith. Ach is mar gheall ar chúrsa smachta agus an dóigh gur ghéill Éire ciceanna éirice furasta don fhreasúra is mó atá an chaint le tamall anuas. Tháinig captaen na foirne, Brian O’Driscoll amach i rith na seachtaine ag tabhairt amach faoin méid cainte agus cáinte atá á dhéanamh faoin bhfoireann agus tá an ceart aige, ach tuigeann sé chomh maith nach féidir leo na botúin chéanna a dhéanamh arís. Is féidir le hÉirinn fós an Triple Crown a bhuachan agus tá dhá chluiche buaite acu. Tá sé in am dúinn a bheith dearfach seachas a mhalairt. Ní raibh Declan Kidney sásta leis an méid ciceanna éirice a ghéill siad agus beidh sé féin ag súil le feabhas ansin amárach. Go dtí seo, ghéill Éire 12 cic éirice in aghaidh an chluiche ach tá an Bhreatain Bheag ar comhchéim leo le 13 cic éirice bronnta ar an fhreasúra le trí chluiche anuas. Ainmníodh an fhoireann chéanna d’Éirinn i rith na seachtaine a bhuaigh in aghaidh na hAlban coicís ó shin. Níl Tomás O’Leary ar ais chuige féin ón ghortú droma agus beidh Eoin Reddan ag tosnú le Peter Stringer ar an bhinse. Tosóidh Laoch na hImeartha in aghaidh na hAlban, Ronan O’Gara, i ngeansaí na hÉireann amárach, an 107ú huair aige ag tosnú agus níl ach dhá phointe eile ag teastáil uaidh chun an míle pointe a bhaint amach go hidirnáisiúnta. Seo cluiche ina mbeidh na taicticí a bheidh ag na foirne, agus iad ag dul chun cinn agus ag ionsaí, fíor thábhachtach. Tosóidh James Hook ag uimhir a deich don Bhreatain Bheag, fear a bhfuil na scileanna uilig aige mar go bhfuil sé in ann ciceáil, pasáil agus tá sé sármhaith ar an ionsaí. Beidh Hook ag fágáil na hOspreys ag deireadh an tséasúir seo chun dul go dtí Perpignan sa bhFhrainc; níl sé ach 25 bliain d’aois agus d’imir sé 50 uair sa gheansaí dearg. Ó chaill siad in aghaidh Shasana (26-19) sa chéad chluiche, tá feabhas tagtha ar an fhoireann le buanna maithe in aghaidh na hAlban (24-6) agus na hIodáile (24-16). Rud eile faoi Hook, níor chaill an Bhreatain Bheag aon chluiche nuair a bhí James Hook ag imirt ag uimhir a deich sa chomórtas seo. Tá trí athrú déanta ar an fhoireann a bhuaigh in aghaidh na hIodáile le déanaí. Beidh Leigh Halfpenny ag teacht isteach ar an chliathán in áit Morgan Stoddart. Níl cluiche idirnáisiúnta imeartha ag Halfpenny (ó na Cardiff Blues) ó mhí an Mheithimh seo caite. Tagann Jonathan Davies ar ais sa lár tar éis gortú. Bogann James Hook ón lár go leathchúlaí amuigh, ag tosnú in áit Stephen Jones. Le léamh ina iomlán in Gaelscéal na seachtaine seo |