Laighin chun na “Tigers” a choinneáil ciúinAoine 08 Aibreán 2011
Gráinne McElwain
Cluiche fisiciúil, brúidiúil agus crua atá i ndán dúinn amárach nuair a chasfaidh Cúige Laighean agus na Leicester “Tigers” ar a chéile sa Staid Aviva sa bhabhta ceathrú ceannais de Chorn Heineken. Ní strainséirí iad na foirne seo ar a chéile agus fuair Cúige Laighean an lámh in uachtar ar Leicester i gcluiche ceannais an chomórtais in 2009 chun é a bhaint den chéad uair. Bhí sé buaite faoi dhó ag Leicester roimhe sin in 2001 agus 2002 agus cé gur ghlac siad páirt in dhá chluiche ceannais eile ó shin, ní raibh an lá leo ar na laethanta sin. Ná bíodh aon dabht faoi, seo scrúdú géar do Chúige Laighean amárach in aghaidh na foirne club is fearr riamh i Sasana agus sa tSraith Premiership agus a bhfuil an comórtas Premiership buaite acu trí huaire le ceithre bliana anuas. Ina theannta sin, tá níos mó úd aimsithe acu ná aon fhoireann eile sa tSraith Premiership agus is acu atá an chosaint is fearr sa tSraith chomh maith. Mar sin tá ardmhuinín acu ag teacht go Baile Átha Cliath. Tagann Leicester go Staid Aviva amárach le cúigear den fhoireann náisiúnta a chaill go dona in aghaidh na hÉireann cúpla seachtain ó shin i gComórtas na Sé Náisiún. Sin iad Dan Cole, Louis Deacon, Tom Croft agus na leathchúlaithe Ben Youngs agus Toby Flood a d’imir le foireann na Breataine. Bhí drochlá ag an leathchúlaí amuigh Toby Flood an lá sin agus ag Ben Youngs a fuair cárta buí, ach seo deis dóibh amárach a gcluiche a ardú. Thug siad ardtaispeántas in aghaidh Harlequins (17-13) sa tSraith Premiership an tseachtain seo caite agus thaispeáin siad an-charachtar chun teacht ar ais tar éis dóibh a bheith 10-0 taobh thiar sa chéad leath. Is é an chlibirt ceann de na neartanna is mó atá acu agus tá an chéad líne fíorláidir le Martin Castrogiovanni agus Dan Cole ag imirt ansin. Níl Marcos Auerza ón Airgintín ar fáil mar go bhfuil sé ar fionraí ach tá neart acu sa phaca. Má fhaigheann siad an lámh in uachtar chun tosaigh, liathróid thapaidh a chur ar fáil do Toby Flood, beidh seisean in ann imreoirí ar nós Alesana Tuilagi agus Horacia Agulla a thabhairt isteach san imirt ar na cliatháin agus Anthony Allen agus Manu Tuilagi sa lár atá in ann damáiste a dhéanamh. Is iad Cúige Laighean rogha na n-údar don chluiche seo ach d’ardaigh an méid misnigh a bhí ag go leor faoin gcluiche nuair a chaill siad in aghaidh Chúige Mumhan i Sraith Magners Dé Sathairn, taispeántas a d’ardaigh ceist nó dhó do Joe Schmidt. Bhí Cúige Laighean 20-9 chun cinn ag leath ama ach chaill siad an cluiche le pointe 24-23. Bhí na Laighnigh thar cionn sa chéad leath, ag smachtú na himeartha agus ag cur go leor leor brú ar na Muimhnigh, ach beidh Joe Schmidt buartha faoin dóigh gur lig siad Cúige Mumhan ar ais sa chluiche agus an tslí gur ghéill siad 16 cic éirice. Ní bheidh siad in ann é sin a dhéanamh amárach agus an cluiche a bhuachan. Tá a fhios ag an saol gur foireann mhór láidir iad Leicester agus nach maith leo céim siar a thógáil. Ní dheachaigh na Laighnigh chun cinn mórán in aghaidh na Mumhan, go háirithe sa dara leath ach bheifeá ag súil go bhfeabhsóidh siad. Rud dearfach faoin gcluiche ná gurb é an chéad uair le tamall é go bhfuil an fhoireann iomlán ag Schmidt agus seasfaidh an cluiche crua sin dóibh amárach agus iad ag iarraidh Corn Heinken a bhaint den dara huair taobh istigh de thrí bliana. Feicfear ochtar d’fhoireann na hÉireann ag imirt le Cúige Laighean amárach agus caithfidh Schmidt rogha a dhéanamh cé a thosnóidh idir Eoin Reddan agus Isaac Boss ag uimhir a naoi agus an dtosóidh Shane Jennings nár imir le seacht seachtaine mar gheall ar ghortú .Tá cosaint an-mhaith ag Cúige Laighean agus níor ghéill siad úd ar bith do na Muimhnigh. Beidh taispeántas mór ag teastáil arís ó Brian O’Driscoll agus Gordon D’Arcy. Tá Leicester ag teacht anseo chun díoltas a bhaint amach do 2009 ach sa bhaile agus slua mór taobh thiar de Chúige Laighean, sílim go mbeidh an lá leo. |