Cos thinn ar do bhó?Aoine, 15 Aibreán 2011
Seo roinnt de na cúiseanna le cos thinn a bheith ar bhó: Lot ar líne bhán na crúibe Téann brocamas agus salachar isteach sa chrúb ag an líne bhán. Tarlaíonn sé seo go hiondúil in aimsir fhliuch agus nuair a bhíonn na dálaí ar an talamh ar a bhfuil na cosa seasta go dona, mar shampla coincréit chaite, nó spás rómhór idir na lataí, nó gan a ndóthain spáis a bheith ag na ba ag an trach. Tagann poll ag bun na crúibe agus éiríonn an bhó bacach go tobann. Tarlaíonn sé go hiondúil sna cosa tosaigh. Bíonn gá le scrúdú géar a dhéanamh ar an gcrúb. Uaireanta d’fhéadfadh tairne nó cloch a bheith sáite sa chrúb agus beidh an chuid timpeall air bog agus pianmhar.
Othras ag bun na coise Éireoidh an bhó bacach go tobann. Is i ngeall ar locht i gcorp na bó a tharlaíonn sé a chéaduair. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn na cubhachailí a úsáidtear chun na ba a bhleán leagtha amach go maith. Is iondúil go bhfeictear an t-othras ag cúl na coise. Is gá meáchan a bhaint den chos sin. Is gá an ionga a ghearradh agus an fíochán gráinníneach a ghearradh siar. Uaireanta bíonn gá le crú a chur faoin mbó.
Loscadh buaile/Trisle/Ladhar righin Tarlaíonn sé seo nuair atá an áit fliuch agus salach. Éiríonn siad bacach go tobann leis. Bíonn ábhar lofa agus scoilteanna idir an dá chrúb (na fairchíní). Is minic a bhíonn fiabhras orthu agus bíonn sé an-phianmhar. Úsáidtear frithbheathach i roinnt de na cásanna is measa. Ba cheart folcadh ionlaidh le sulfónaimíd a úsáid mar leigheas agus stopann sé an galar de bheith ag scaipeadh chomh maith.
Sáil chaite (slurry heel) Tá sé seo an-choitianta. Tarlaíonn scoilt san ionga ag an tsáil. Bíonn roinnt de na beithígh níos bacaí ná beithígh eile. Bíonn ort an ionga a ghearradh agus folcadh ionlaidh a úsáid. Is féidir ceirín a chur leis freisin. Bíonn frithbheathach ag teastáil ar feadh 3-5 lá.
Deirmitíteas méarach Bíonn an craiceann dearg agus rud beag feolmhach díreach os cionn na sáile. Éiríonn an bhó an-bhacach leis agus is féidir leis an tréad ar fad é a tholgadh. Úsáidtear spréanna ocsaiteitriciglín agus folcadh ionlaidh mura bhfuil siad ródhona ach bíonn instealladh ocsaiteitriciglín ag teastáil sna cásanna is measa.
Fibreama idirmhéarach Seo galar a d’fhéadfadh a bheith ar an mbeithíoch ó dhúchas. Is féidir leis forbairt sna ceithre chrúb. Tá sé an-choitianta i dtairbh Hereford. Bíonn gá le hobráid a dhéanamh orthu chun an meall fíochánach a fhásann sa scoilt a bhaint as. Tar éis na hobráide is gá an beithíoch a fhágáil in áit ghlan ar feadh trí seachtaine.
Laiminíteas Seo athlasadh sna crúba. Faightear é go minic ar níos mó ná cos amháin. Tarlaíonn sé má bhíonn an iomarca aigéadachta sa chorp. Feictear é tar éis don bhó an iomarca próitéine a ithe nó tar éis galar cosúil le maistíteas nó meitríteas a bheith uirthi. Éireoidh sí an-bhacach agus siúlfaidh sí go mall. Tosaíonn bonn na coise ag scaradh ón tsáil agus méadaíonn an líne bhán sa chrúb. Fanfaidh sí ina suí go leor den am agus beidh a cosa an-te agus pianmhar. Go minic tiocfaidh biseach uirthi má athraítear saghas agus méid an ghráin a fhaigheann sí.
Conas fadhbanna coise a sheachaint 1) Déan cinnte de go bhfuil spás go leor sna cubhachailí ina mblitear na ba 2) Caithfidh cubhachail a bheith ag chuile bhó di féin 3) Ba cheart mata a bheith futhú 4) Ba cheart go mbeadh na stáblaí agus an clós glan 5) Má bhíonn siad ag siúl ar bhóthar ba cheart nach mbeadh sé rógharbh agus ligtear dóibh siúl go réidh 6) Ba cheart dóibh a ndóthain gairbhsí a ithe agus gan an iomarca gráin a thabhairt dóibh 7) Ba chóir folcadh ionlaidh a úsáid go rialta agus na crúba a ghearradh más gá 8) Ba cheart beithígh agus tairbh le cosa maithe a roghnú ionas go mbeidh cosa maithe ar na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh. |